An cuimhin leat dúshlán Film4Energy a d’fhógair muid an Fómhar seo caite?
Ghlac 90 scoil as 16 thír san Aontas páirt sa chomórtas! Tugadh cuireadh do mhic léinn idir 12 agus 15 bliana d’aois gearrfhíseáin a chruthú faoi bhuntáistí na héifeachtúlachta fuinnimh agus faoi roghanna malartacha atá tíosach ar fhuinneamh a úsáid le haghaidh an téimh, an fhuaraithe, an iompair agus gníomhaíochtaí laethúla eile. D’oibrigh na mic léinn i bhfoirne ar a dtionscadail, as ar eascair meascán d’fhíseáin ina bhfuil teachtaireachtaí cruthaitheacha spreagúla, agus tá sé in am anois na scoileanna buacacha a chur in iúl don saol mór!
Féach ar na físeáin ar ar bronnadh duais, foghlaim uathu, roinn iad, bain sult astu agus... bí cliste, sábháil fuinnimh!
- An chéad duais
- 4 dhuais thánaisteacha
- 1 duais speisialta de chuid an ghiúiré
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 16 Bealtaine 2022
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
- Aoisghrúpa
- 12 - 15 bliana
- Type of content
- Competition