An 23-26 Bealtaine 2019 beidh na chéad toghcháin Eorpacha eile ar siúl ina dtabharfar an deis do gach Eorpach a roghnú cé a dhéanfaidh ionadaíocht orthu sa Pharlaimint.
Ba iad na toghcháin Eorpacha dheireanacha in 2014 na toghcháin thrasnáisiúnta ba mhó riamh a reáchtáladh ag an am céanna. An uair seo tá níos mó fós i ngeall leo. Nuair a chaithfidh tú do vóta, cabhróidh tú chun todhchaí na mór-roinne seo againn a mhúnlú.
Faigh amach conas a dhéanann an tAontas Eorpach difear do do shaol. B’fhéidir go gcuirfeadh an méid samplaí iontas ort.
· Conas a théann an eoraip chun tairbhe domsa
· Na nithe a dhéanann an tAontas Eorpach dá shaoránaigh
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 5 Márta 2019
- Aoisghrúpa
- 15 bliana nó níos sine