Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner

Ráiteas Inrochtaineachta

Is le hábhar a fhoilsítear ar an bhfearann seo a leanas a bhaineann an ráiteas seo: https://learning-corner.learning.europa.eu/index_ga

Níl feidhm aige maidir le hábhar nó suíomhanna gréasáin eile a fhoilsítear ar aon fhofhearann eile dá chuid. Beidh a ráiteas inrochtaineachta féin ag na suíomhanna gréasáin sin agus ag an ábhar atá orthu.

Tá an suíomh gréasáin seo á bhainistiú ag Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide. Tá sé deartha lena úsáid ag an oiread daoine agus is féidir, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas.

Ba cheart go mbeifeá in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • zúmáil suas le 200% gan aon fhadhb
  • nascleanúint a dhéanamh ar an gcuid is mó den suíomh gréasáin gan ach méarchlár a úsáid
  • nascleanúint a dhéanamh ar an gcuid is mó den suíomh gréasáin trí úsáid a bhaint as léitheoir scáileáin nua-aimseartha agus bogearraí aitheantais urlabhra (ar do ríomhaire nó ar do ghuthán)

Tá an suíomh gréasáin seo deartha chun cloí leis an gcaighdeán teicniúil le haghaidh suíomhanna gréasáin agus aipeanna móibíleacha, mar atá EN 301 549, v.3.2.1. Tá sé sin ag teacht go dlúth le leibhéal ‘AA’ de na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) leagan 2.1.

Stádas comhlíontachta

Tá an suíomh gréasáin seo i gcomhréir go páirteach le caighdeán teicniúil EN 301 549 v.3.2.1 agus leis na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.1 Leibhéal AA. Féach ‘Ábhar neamh-inrochtana’ chun tuilleadh sonraí a fháil.

Rinneadh an suíomh gréasáin a thástáil go deireanach an 5 Nollaig 2023.

Ullmhúchán an ráitis seo

Rinneadh athbhreithniú ar an ráiteas seo an 8 Nollaig 2023.

Tá an ráiteas bunaithe ar athbhreithniú a rinne saineolaí inrochtaineachta a bhfuil cáilíocht IAAP aige ar shampla ionadaíoch de leathanaigh ghréasáin, agus úsáid á baint as meascán de thástáil láimhe agus tástáil uathoibrithe chuige sin.

Aiseolas

Fáiltímid roimh aiseolas uait maidir le hinrochtaineacht shuíomh gréasáin Chúinne na Foghlama. Cuir in iúl dúinn é má thagann tú ar bhaic inrochtaineachta:

  • Guthán: 00 800 6 7 8 9 10 11
  • Foirm theagmhála: Scríobh chugainn (iarrtar ort gan eolas íogair a lua san fhoirm, e.g. aon eolas a nochtfadh eolas pearsanta airgeadais, eolas a bhaineann le do shláinte, nó aon ábhar íogair eile).

Déanaimid iarracht freagra a thabhairt ar aiseolas laistigh de 15 lá gnó ón dáta a fhaigheann an roinn den Choimisiún atá freagrach an fiosrúchán.

Comhoiriúnacht le brabhsálaithe agus teicneolaíocht chúnta

Tá suíomh gréasáin Chúinne na Foghlama deartha le bheith comhoiriúnach leis na teicneolaíochtaí cúnta caighdeánacha is mó a úsáidtear, mar atá:

  • an leagan is déanaí de na brabhsálaithe Google Chrome agus Apple Safari;
  •  in éineacht leis na leaganacha is déanaí de JAWS, NVDA, VoiceOver agus TalkBack.

Sonraíochtaí teicniúla

Braitheann inrochtaineacht shuíomh gréasáin Chúinne na Foghlama ar na teicneolaíochtaí seo a leanas chun oibriú leis an meascán ar leith de bhrabhsálaí gréasáin agus d’aon teicneolaíochtaí cúnta nó breiseáin atá suiteáilte ar do ríomhaire:

  • HTML
  • WAI-ARIA
  • CSS
  • JavaScript

Ábhar neamh-inrochtana

In ainneoin na n-iarrachtaí is fearr atá déanta againn chun inrochtaineacht shuíomh gréasáin Chúinne na Foghlama a chinntiú, táimid ar an eolas faoi roinnt lochtanna a bhfuilimid ag obair chun iad a réiteach. Anseo thíos tá cur síos ar na lochtanna a cuireadh ar ár súile dúinn agus ar na réitigh a d’fhéadfadh a bheith orthu. Déan teagmháil linn má thagann tú ar fhadhb nach bhfuil liostaithe thíos.

Lochtanna aitheanta ar shuíomh gréasáin Chúinne na Foghlama:

  • Inrochtaineacht an roghchláir nascleanúna: Ní dhearnadh códú mar is ceart ar ábhar ar leith don eispéireas is fearr trí léitheoir scáileáin a úsáid. Tá sé beartaithe againn an fhadhb sin a réiteach faoi mhí an Mhárta 2024.
  • Foirm aiseolais – teachtaireachtaí earráide: Níl baint ag teachtaireachtaí earráide san fhoirm aiseolais leis an réimse inar aimsíodh an earráid agus ní léiríonn siad go soiléir cén réimse inar braitheadh an earráid. Tá sé beartaithe againn an fhadhb sin a réiteach le linn 2024.
  • Fotheidil físeán: Níl fotheidil ar fáil do roinnt dár bhfíseáin. Tá obair leanúnach ar siúl againn chun iad a chur le níos mó físeán.
  • Seinnteoir físe – inrochtaineacht méarchláir: Táimid ar an eolas faoi roinnt fadhbanna le hinrochtaineacht méarchláir ár seinnteoir físe (agus teanga na bhfotheideal á roghnú ón roghchlár, ní féidir na saigheadeochracha a úsáid chun bogadh ó theanga go chéile. Ní féidir é sin a dhéanamh ach amháin leis an gcnaipe TAB).
  • Ordlathas na gCeannteideal: Ar leathanaigh ar leith, ní chuirtear ábhar i láthair ar bhealach atá eagraithe de réir ordlathas na gceannteideal. Tá sé beartaithe againn sin a réiteach faoi mhí an Mhárta 2024.
  • Captcha cúrsóra: Táimid ar an eolas faoi na fadhbanna a bhaineann le fócas méarchláir an tsleamhnáin. Tá sé beartaithe againn an fhadhb sin a réiteach le linn 2024. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhfuil an captcha cúrsóra inrochtana ag úsáideoirí atá bodhar nó dall.
  • Amlíne an Aontais Eorpaigh – Tráth na gCeist ‘Mise agus an tAontas Eorpach’: níl siad inrochtana trí úsáid a bhaint as méarchlár amháin agus tá codarsnacht dathanna lag ag roinnt ábhair. Tá sé beartaithe againn an fhadhb sin a réiteach faoi mhí an Mhárta 2024.
  • Cluichí: Níl an chuid is mó de na cluichí inrochtana go hiomlán ag daoine a úsáideann léitheoir scáileáin; níl roghanna malartacha téacs oiriúnacha ag gabháil leo agus níl siad inrochtana nuair a úsáidtear méarchlár leis féin. Tá droch-chodarsnacht dathanna ar chuid den ábhar. Tá leaganacha inphriontáilte i bhformáid PDF ar fáil de roinnt cluichí nach bhfuil go hiomlán inrochtana. Tá sé beartaithe againn an fhadhb sin a réiteach faoi 2025.