Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner

Ráiteas príobháideachais Chúinne na Foghlama

DO SHONRAÍ PEARSANTA A CHOSAINT

Sa ráiteas príobháideachais seo tugtar eolas faoin dóigh a ndéantar do shonraí pearsanta a phróiseáil agus a chosaint.

An oibríocht phróiseála: Cúinne na foghlama

Rialaitheoir Sonraí: Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide, Stiúrthóireacht A, Aonad A.2

Tagairt taifid: DPR-EC-03612

Réamhrá

Tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ anseo feasta) tiomanta do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001).

Sa ráiteas príobháideachais seo, mínítear na fáthanna a bpróiseálaimid do chuid sonraí pearsanta, an dóigh a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an chaoi a n-úsáidtear an fhaisnéis sin, agus na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Tugtar ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, agus sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

Baineann an ráiteas príobháideachais seo le próiseáil sonraí pearsanta ag an gCoimisiún agus é ag bainistiú seirbhísí Chúinne na Foghlama, seirbhísí atá á riar ag Aonad A.2 de chuid Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide sa Choimisiún Eorpach agus ag na haonaid atá freagrach as gníomhaíochtaí próiseála a bhaineann le Cúinne na Foghlama i roinn nó i seirbhís inniúil an Choimisiúin.

Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?

Is suíomh gréasáin é Cúinne na Foghlama a chuireann ábhair agus seirbhísí teagaisc ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus a thugann an deis d'úsáideoirí eolas a chur ar an Aontas Eorpach ar bhealach siamsúil. Stór cluichí, tráth na gceist agus ábhair foghlama agus teagaisc atá dírithe ar an Aontas Eorpach agus na tairbhí a bhaineann saoránaigh na hEorpa as is ea Cúinne na Foghlama, stór atá dírithe go príomha ar dhaltaí agus ar mhúinteoirí bunscoile agus meánscoile. Is é Aonad na Seirbhíse Eagarthóireachta agus na For-rochtana Spriocdhírithe in Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide sa Choimisiún Eorpach a bhainistíonn an suíomh gréasáin.

Bunaítear próiseáil sonraí pearsanta ar chlárú deonach an úsáideora lena mbaineann. Bailítear sonraí chun oibriú agus bainistiú sheirbhísí Chúinne na Foghlama ar líne a éascú, agus féadfaidh na seirbhísí seo a leanas a bheith mar chuid díobh:

  • cluichí, comórtais, agus idirghníomhaíocht leis na rannpháirtithe sa chomórtas;
  • fóram ar líne d'úsáideoirí atá cláraithe;
  • nasc chuig an siopa ar líne, áit ar féidir le húsáideoirí foilseacháin a ordú díreach ó shuíomh gréasáin Chúinne na Foghlama (DPR-EC-00449);
  • foirm aiseolais is féidir le cuairteoirí chuig an suíomh gréasáin a úsáid chun aiseolas a thabhairt ar na leathanaigh ar thug siad cuairt orthu, chun fabhtanna/fadhbanna teicniúla a thuairisciú agus chun tráchtaireachtaí spontáineacha a fhágáil maidir le hábhair an tsuímh. Iarrtar ar chuairteoirí a úsáideann an suíomh ar an gcaoi sin seoladh ríomhphoist a chur ar fáil ionas go bhféadfaí soiléiriú a iarradh orthu más gá, agus ceisteanna a fhreagairt (DPR-EC-01064).

Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?

Déanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil ar na cúiseanna seo a leanas:

  1. tá toiliú tugtha agat do shonraí pearsanta a phróiseáil chun críoch sonrach amháin nó níos mó (Airteagal 5(1)(d) de Rialachán (AE) 2018/1725).

Tá gá le toiliú ón duine is ábhar do na sonraí le haghaidh gníomhaíochtaí próiseála ar leith. I gcomhréir le hAirteagal 3(15) agus Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2018/1725, ní mór an toiliú a thabhairt faoi shaoirse agus é a bheith sonrach feasach soiléir.

Faightear an cead sin go díreach uait nuair a liostálann tú le seirbhísí Chúinne na Foghlama.

  1. is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don institiúid nó don chomhlacht de chuid an Aontais (Airteagal 5(1)(a) de Rialachán 2018/1725).

I gcomhréir le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais reatha, is cúram seirbhíse poiblí iad oibríochtaí próiseála a bhaineann le bainistiú seirbhísí oideachasúla Chúinne na Foghlama agus uirlisí ilmheán agus cumarsáide eile a bhaineann leis an Aontas chun eolas ginearálta a sholáthar do gach saoránach maidir le hobair institiúidí an Aontais, cúram seirbhíse poiblí a n-eascraíonn as sainchumais an Choimisiúin ar an leibhéal institiúideach, mar a fhoráiltear in Airteagal 58(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid?

Bailímid na sonraí pearsanta a sholáthraítear nuair a úsáidtear ceann de sheirbhísí Chúinne na Foghlama: ainm, ainm úsáideora, tír, uimhir ghutháin, seoladh ríomhphoist, seoladh poist (i gcás ina n-ordaíonn an t-úsáideoir foilseacháin) agus aitheantóirí ar líne (aitheantóir gléis, seoladh IP agus/nó aitheantóir fianán).

Na catagóirí sonraí a phróiseáiltear trí fheidhmchlár EU Login, déantar cur síos orthu sa taifead de chuid DIGIT lena mbaineann (Féach Seirbhísí Bainistíochta Aitheantais agus Rochtana, uimhir thagartha DRP-EC-03817).

Tá sé de rogha agat a bheith páirteach agus cead a thabhairt tuilleadh eolais a fháil mar aon le toiliú a thabhairt teagmháil a dhéanamh leat le haghaidh soiléirithe agus freagraí ar cheisteanna a chuirtear. Má roghnaíonn tú a bheith páirteach, ní bhailímid agus ní dhéanaimid ach na sonraí is gá chun teagmháil a dhéanamh leat a phróiseáil (i.e. d'ainm agus do sheoladh ríomhphoist).

Tá sé de rogha agat freisin a bheith páirteach agus toiliú a thabhairt do shonraí a phróiseáil más mian leat foilseacháin a ordú go díreach ó shuíomh gréasáin Chúinne na Foghlama. Sa chás sin, déanfar d'ainm agus d'uimhir ghutháin, chomh maith le do sheoladh poist, a phróiseáil óir is gá iad sin chun na foilseacháin is maith leat a ordú a sheoladh chugat.

Má roghnaíonn tú a bheith páirteach agus má thugann tú toiliú do shonraí a phróiseáil chun páirt a ghlacadh i gcomórtas, is iad na sonraí a bhaileofar na sonraí sin a bhfuil géarghá leo chun an comórtas a reáchtáil go héifeachtach agus sonrófar sin go soiléir.

Ar deireadh, tá sé de rogha agat a bheith páirteach agus toiliú a thabhairt más mian leat a bheith rannpháirteach i bhfóram. Sa chás seo, ní dhéanfar aon sonraí ach an t-ainm úsáideora atá riachtanach chun bheith rannpháirteach san fhóram a phróiseáil.

Féadfaidh an Rialaitheoir Sonraí faisnéis chomhiomlán nó dhí-shainaithnithe a chomhroinnt le Stiúrthóireachtaí eile an Choimisiúin agus/nó le hinstitiúidí eile an Aontais Eorpaigh nó le tríú páirtithe lena cartlannú nó chun críocha staidrimh.

Cá fhad a choinneoimid do shonraí pearsanta?

5.1. Na sonraí pearsanta a sholáthraítear nuair a úsáidtear ceann de sheirbhísí Chúinne na Foghlama

Ní choimeádtar sonraí pearsanta ach a fhad agus is gá chun bearta leantacha a bhfuil baint acu le ceann de sheirbhísí Chúinne na Foghlama a dhéanamh i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus ní choimeádtar iad ar feadh tréimhse níos faide ná 2 bhliain ón dáta a chuirtear isteach na sonraí sin.

5.2 Tuarascálacha, taifid ar pháipéar agus taifid leictreonacha, taifid ARES a choimeádann DG COMM san áireamh

Coimeádtar gach taifead ar pháipéar agus gach taifead leictreonach a bhaineann le comhfhreagras ó lá go lá agus na tuarascálacha a bhfuil sonraí comhiomlánaithe iontu, taifid ARES san áireamh, ar feadh tréimhse 10 mbliana de réir liosta coinneála coiteann ar leibhéal an Choimisiúin (SEC(2019)900/2). Cuirfear sa chartlann iad de réir chreat dlíthiúil an Choimisiúin agus stórálfar in ARES iad (Ardchóras Taifead) faoi fhreagracht na hArdrúnaíochta (Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Bainistíocht agus caomhnú (gearrthéarmach agus meántéarmach) dhoiciméid an Choimisiúin’, uimhir thagartha DPR-EC-00536).

Cén chaoi a gcosnaímid do shonraí pearsanta?

Déantar na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, bunachair sonraí, baisceanna sonraí uaslódáilte etc.) a stóráil ar fhreastalaithe an Choimisiúin. Déantar na hoibríochtaí próiseála uile de bhun Chinneadh (AE, Euratom) Uimh. 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise arna n-úsáid ag an gCoimisiún Eorpach.

Tá conraitheoirí an Choimisiúin faoi cheangal clásal conarthach ar leith maidir le hoibríochtaí próiseála ar bith a dhéantar ar shonraí pearsanta thar ceann an Choimisiúin, agus tá siad faoi cheangal oibleagáidí rúndachta a eascraíonn as Rialachán 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (RGCS).

Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá roinnt bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá gníomhartha iomchuí chun dul i ngleic le slándáil ar líne, agus leis an mbaol go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go mbeadh rochtain neamhúdaraithe orthu, lena gcuirtear san áireamh an riosca atá i gceist leis an bpróiseáil agus na cineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Ar na bearta eagraíochtúla sin déantar cead rochtana ar shonraí pearsanta a shrianadh do dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach acu leo chun críocha na hoibríochta próiseála seo.

Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?

Tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta do phearsanra údaraithe institiúidí an Aontais Eorpaigh agus do na conraitheoirí sna hinstitiúidí sin atá freagrach as an oibríocht phróiseála a fheidhmiú de réir an phrionsabail “ar bhonn riachtanais eolais”. Tá ceangal ar na baill foirne agus na conraitheoirí sin cloí le comhaontuithe reachtúla rúndachta agus, nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta.

Tá rochtain ag baill foirne údaraithe an Choimisiúin ar na sonraí pearsanta a sholáthraíonn úsáideoir a úsáideann ceann de sheirbhísí Chúinne na Foghlama chun bearta leantacha gaolmhara a chur i gcrích.

Má bhaineann an t-iarratas le foilseacháin, cuirtear ainm, seoladh poist agus uimhir ghutháin an úsáideora ar fáil d'Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, is í an oifig sin sheolfaidh na foilseacháin a iarrtar amach tríd a conraitheoir. (féach: DPR-EC-00449);

Más ábhartha, is féidir le conraitheoir na sonraí pearsanta a sholáthraíonn úsáideoirí sheirbhís Chúinne na Foghlama a fháil ar bhonn riachtanais eolais. Cuir i gcás má dhéanann an Coimisiúin conradh le conraitheoir a sheirbhísí a úsáid chun measúnú leantach a dhéanamh ar aiseolas nó chun cuidiú leis monatóireacht a dhéanamh ar an bhfóram.

Cé na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?

Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagail 14-25) de Rialachán (AE) 2018/1725. Maidir leis an oibríocht phróiseála seo, is féidir leat na cearta seo a leanas a fheidhmiú:

  • an ceart rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta (Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1725);
  • an ceart go ndéanfaí ceartúchán i gcás ina bhfuil do shonraí pearsanta míchruinn nó neamhiomlán (Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2018/1725);
  • an ceart go ndéanfaí léirscriosadh ar do shonraí pearsanta (Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2018/1725);
  • i gcás inarb infheidhme, an ceart go gcuirfí srian ar phróiseáil do shonraí pearsanta (Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2018/1725);
  • an ceart chun iniomparthacht sonraí (Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2018/1725).

Más rud é gur thug tú do thoiliú don Choimisiún Eorpach i leith na hoibríochta próiseála reatha, féadfaidh tú é a tharraingt siar tráth ar bith ach fógra a thabhairt don Rialaitheoir Sonraí. Ní dhéanfaidh an tarraingt siar difear do dhleathacht na próiseála a rinneadh sular tharraing tú siar an toiliú.

Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, nó, i gcás easaontais, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Más gá, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá a chuid sonraí teagmhála le fáil faoi Roinn 9.

I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs ceann amháin nó níos mó de na hoibríochtaí próiseála ar leith, déan cur síos orthu (i.e. tagairtí taifid mar atá sonraithe faoi Roinn 10) i d'iarratas.

Sonraí teagmhála

An Rialaitheoir Sonraí

Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, déan teagmháil leis an Rialaitheoir Sonraí, Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide, Aonad A.2 (COMM-A2atec [dot] europa [dot] eu (COMM-A2[at]ec[dot]europa[dot]eu)).

Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICERatec [dot] europa [dot] eu (DATA-PROTECTION-OFFICER[at]ec[dot]europa[dot]eu)) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do chuid sonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS)

Tá an ceart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (i.e. gearán a dhéanamh leis) (edpsatedps [dot] europa [dot] eu (edps[at]edps[dot]europa[dot]eu)) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 mar thoradh ar phróiseáil do shonraí pearsanta ag an Rialaitheoir Sonraí.

Tuilleadh eolais

Foilsíonn an tOifigeach Cosanta Sonraí clár na n-oibríochtaí próiseála go léir ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún, oibríochtaí atá doiciméadaithe agus curtha in iúl dó. Tá an clár le fáil ag an nasc seo: http://ec.europa.eu/dpo-register

Tá an oibríocht phróiseála shonrach sin curtha le clár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt taifid seo a leanas ag gabháil léi: DPR-EC-03612.