Is é an tArdán Eorpach um Oideachas Scoile an pointe cruinnithe le haghaidh gach páirtí leasmhair in earnáil an oideachais scoile – foireann scoile, taighdeoirí, déantóirí beartais agus gairmithe eile – ó gach leibhéal den oideachas ó oideachas agus cúram luathóige go bunscoileanna agus meánscoileanna, agus gairmoideachas agus gairmoiliúint san áireamh.
Is ar an ardán sin freisin atá eTwinning, an pobal do scoileanna san Eoraip.

Má tá tú ar cuairt sa Bhruiséil, tapaigh an deis chun cuairt a thabhairt ar Experience Europe, atá suite i gcroílár Cheantar Eorpach na Bruiséile. Téigh chuig an taispeántas agus faigh tuilleadh eolais faoin gcaoi a n-oibríonn an tAontas Eorpach agus faoin méid a dhéanann sé do shaoránaigh. Ar mhaith leat cur le do chuairt agus eispéireas foghlama iomlán 90 nóiméad a bheith agat? Cuir gníomhaíocht idirghníomhach in áirithe!
Is féidir le daoine aonair, teaghlaigh agus grúpaí ina bhfuil níos lú ná deichniúr bualadh isteach
An bhfuil tú ag teacht le grúpa? Iarrtar ar ghrúpaí de dheichniúr nó níos mó clárú roimh ré chun an t-eispéireas is fearr a chinntiú do chuairteoirí.
Gníomhaíocht ‘Let’s talk Europe’ do ghrúpaí daoine óga ó 15 bliana d’aois agus níos sine, agus 25 rannpháirtí ar a mhéad sa ghrúpa
Faigh tuilleadh eolais faoin taispeántas idirghníomhach agus an ghníomhaíocht thíos
Taispeántas idirghníomhach
Má tá tú ar cuairt sa Bhruiséil, tapaigh an deis chun cuairt a thabhairt ar Experience Europe, atá suite i gcroílár Cheantar Eorpach na Bruiséile.
Téigh chuig an taispeántas agus faigh tuilleadh eolais faoin gcaoi a n-oibríonn an tAontas Eorpach agus faoin méid a dhéanann sé do shaoránaigh. Faigh eolas faoin mbealach a n-oibríonn an Coimisiún Eorpach, faoi thionscadail de chuid an Aontais agus buail le hUachtarán an Choimisiúin ‘go fíorúil’. Tá cluichí agus gníomhaíochtaí spraíúla do gach aois le fáil ann freisin.
Is féidir leat bualadh isteach chugainn 7 lá na seachtaine agus tá an chuid is mó den ábhar le fáil i 24 theanga oifigiúla an Aontais.
Ní gá áit a chur in áirithe. Buail isteach chugainn agus bain taitneamh as an taispeántas.
Faigh tuilleadh eolais
Gníomhaíocht idirghníomhach
Ar mhaith leat cur le do chuairt agus eispéireas foghlama iomlán 90 nóiméad a bheith agat? Cuir gníomhaíocht idirghníomhach in áirithe!
Is féidir le grúpaí daoine óga, cuir i gcás ranganna scoile, páirt a ghlacadh freisin i ngníomhaíocht 45 nóiméad darb ainm ‘Let’s talk Europe’. Ceardlann díospóireachta dhinimiciúil is ea é atá dírithe ar mhic léinn 15 bliana d’aois agus níos sine. Leis an gceardlann, cuirtear smaointeoireacht chriticiúil, piarfhoghlaim agus rannpháirtíocht shibhialta chun cinn, agus mar chuid di déanann na rannpháirtithe plé ar thosaíochtaí reatha an Aontais, sin agus faigheann siad léargais ar obair laethúil an Choimisiúin Eorpaigh chun tuiscint níos doimhne a fhorbairt ar phróisis chinnteoireachta an Aontais.
Tá ‘Let’s talk Europe’ le fáil i nGearmáinis, i mBéarla, i bhFraincis, in Ollainnis, i Spáinnis, in Iodáilis agus i bPolainnis.
Faigh tuilleadh eolais
De réir na meastachán, is leanaí atá in aois scoile iad beagnach leath de na dídeanaithe ón Úcráin. Chuideodh sé go mór an strus síceolaíoch atá orthu a mhaolú ach iad a chur ar ais ar scoil, sin agus thabharfadh sé cobhsaíocht agus normáltacht dóibh, mar aon le hionchas don todhchaí.
Gheobhaidh tú anseo sraith alt agus acmhainní chun tacú le comhtháthú dídeanaithe óga ón Úcráin i gcórais oideachais Bhallstáit an Aontais agus thíortha Erasmus+.

Treoirlínte

Faigh inspioráid ó roinnt de na bealaí thar a bheith éagsúil a gcuireann scoileanna daoine óga ar an eolas faoin ngné Eorpach ina saol laethúil.

Tugtar an oideolaíocht agus an cleachtas le chéile sna treoirlínte i bhformáid amháin atá éasca a úsáid: Cabhraíonn siad le tuiscint a fháil ar an gcaoi ar féidir litearthacht dhigiteach a bhaint amach agus cuireann siad eolas úsáideach ar fáil maidir le dinimic agus léiriú na bréagaisnéise.

Dearadh na treoirlínte chun cuidiú le hoideoirí agus le saoránaigh tuiscint a fháil ar an acmhainneacht a bhaineann le feidhmeanna úsáide IS agus sonraí san oideachas, sin agus feasacht faoi na rioscaí féideartha a mhúscailt.
Ábhair faoi leith a theagasc
An bhfuil tú ag lorg smaointí ó do phiaraí i dtaca le bealaí chun ábhar faoi leith a theagasc?
Féach ar na naisc úsáideacha seo atá againn:

Is ionad acmhainní ilteangach é FoodEducators a chuireann gníomhaíochtaí spraíúla ar fáil do mhúinteoirí chun ábhair amhail bia, sláinte, inbhuanaitheacht agus gairmeacha sa tionscal agraibhia a spreagadh i measc daltaí. Cuireann sé pobal ar fáil freisin do mhúinteoirí agus do scoileanna a bhfuil suim acu in oideachas bia.

Is é Scientix pobal an oideachais eolaíochta san Eoraip. Tá sé mar aidhm aige comhoibriú uile-Eorpach a chur chun cinn i measc múinteoirí, taighdeoirí agus lucht déanta beartas chun mic léinn a spreagadh chun tabhairt faoi ghairmeacha i réimse na hEolaíochta, na Teicneolaíochta, na hInnealtóireachta agus na Matamaitice (ETIM). (Suíomh gréasáin ilteangach)

Tionscnaimh agus gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh daoine óga a spreagadh agus an spéis agus an fheasacht atá acu ar bheartas fuinnimh agus ar ábhair ghaolmhara a mhúscailt. (Suíomh gréasáin i mBéarla)

Is í an Chomhghuaillíocht um Oideachas ar mhaithe leis an Aeráid an pobal oideachais rannpháirtíochta Eorpach chun tacú leis na hathruithe is gá chun sochaí aeráidneodrach a bhaint amach. (Suíomh gréasáin i mBéarla)

Is tionscnamh é Líonra na Scoileanna Gorma Eorpacha a nascann le chéile eagraíochtaí, tionscadail agus daoine éagsúla a chuireann le litearthacht na n-aigéan agus le bainistiú inbhuanaithe na n-aigéan. (Suíomh gréasáin i mBéarla)

Nascann an Líonra um Fheasacht ar an Radacú (Cleachtóirí RAN) le chéile cleachtóirí túslíne ó gach cearn den Eoraip a bhfuil baint acu le hantoisceachas foréigneach de gach cineál a chosc agus a chomhrac. (Suíomh gréasáin i mBéarla)