
Tá go leor againn ar fud na hEorpa sáinnithe sa teach mar gheall ar phaindéim an choróinvíris. Le linn na tréimhse deacra seo, déan cinnte de go dtugann tú cuairt ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh faoin bhfreagairt ar an gcoróinvíreas. Tá réimse leathan eolais le fáil ann faoin méid atá á dhéanamh ag an Aontas Eorpach chun dul i ngleic leis an ráig, na staitisticí is déanaí, eolas faoin tsoghluaisteacht, bearta leighis, srl.
Má tá do pháistí ag fanacht sa bhaile ón scoil faoi láthair, tá súil againn go dtabharfaidh na hábhair agus na cluichí ar líne atá ar Chúinne na Foghlama neart le déanamh dóibh, agus go gcabhróidh siad leat eolas agus siamsa a chur ar fáil do do pháistí le linn na tréimhse seo. Tá foireann Chúinne na Foghlama ag seasamh gualainn ar ghualainn le múinteoirí, tuismitheoirí agus páistí ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin.
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 20 Márta 2020