Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner
Fógra nuachta9 Bealtaine 2020

Lá na hEorpa

""
© European Union

Ar Lá na hEorpa 2020, is mian le hinstitiúidí an Aontais ómós a thabhairt don iliomad Eorpach atá ag cabhrú linn anseo san Aontas, le fonn mór dlúthpháirtíochta, chun géarchéim an choróinvíris a chur dínn, ómós a chuirfear in iúl trí imeachtaí go leor ar líne. Féach leat anseo rogha teistiméireachtaí a bhfuil ábhar iontais agus ardú meanman iontumaille le faisnéis nuashonraithe faoinbhfreagairt a thug an tAontas ar an ngéarchéim.

Féach leat na leathanaigh ghréasáin atá agár gcuid oifigí más mian leat eolas a fháil faoi cheann ar bith d’imeachtaí Lá na hEorpa atá eagraithe acu.

Cuir scéala chugainn agus fáiltemá tá ceist ort faoin Aontas Eorpach, nó más mian leat sinn a leanúint ar Facebooknó ar na meáin shóisialta eile (#EuropeDay #Lá na hEorpa).

Bíonn Lá na hEorpa ann gach bhliain an 9 Bealtaine agus an lá sin déantar ceiliúradh ar shíocháin agus ar aontacht san Eoraip. Is ar an dáta sin a tugadh an óráid stairiúil dá nglaoitear 'dearbhú Schuman'.

Sonraí

Dáta foilsithe
9 Bealtaine 2020