Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner
Alt nuachta31 Eanáir 2024Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide

An chéad bhliain d’Ardán Rannpháirtíochta Leanaí an Aontais

Is spás sábháilte é Ardán Rannpháirtíochta Leanaí an Aontais do leanaí agus do dhéagóirí chun a dtuairimí a chur in iúl maidir le hábhair a dhéanann difear dóibh, agus chun a dtuairimí a chur le próisis chinnteoireachta an Aontais.

Young people working in groups and speaking into a microphone

In 2023, bhí sceideal gnóthach gníomhaíochtaí ag Ardán Rannpháirtíochta Leanaí an Aontais, lena n-áirítear cruinnithe míosúla dá bPainéal Leanaí, a gcéad chruinniú den Chomhthionól Ginearálta, agus an chéad eagrán de nuachtlitir ráithiúil an Ardáin (ar fáil i mBéarla). 

Le linn an chéad chomhairliúcháin, chuir os cionn 1,000 leanbh agus déagóir a dtuairimí in iúl maidir leis an gcaoi ar féidir le daoine fásta oibriú níos fearr le chéile chun iad a choinneáil slán. Bhí sin ar siúl i gcomhthráth le Comhairliúchán an Aontais maidir le Seirbhísí Comhtháite um Chosaint Leanaí. Féach an méid a dúirt na leanaí anseo: https://eu-for-children.europa.eu/feeling-safe 

Tugadh aitheantas do dhoiciméid a thacaíonn le leanaí a cuireadh ar fáil don Chomhthionól Ginearálta le gradam Scríbhneoireachta Soiléire ón gCoimisiún as barr feabhais in ábhair chumarsáide sheachtracha. Chun amharc ar an bpacáiste fáilte a bhfuil duaiseanna buaite aige, agus ar dhoiciméid eile de chuid an Aontais maidir le rannpháirtíocht leanaí, cliceáil anseo: https://eu-for-children.europa.eu/documents 

Chun grianghraif agus físeáin d’imeachtaí 2023 a fheiceáil, lena n-áirítear an Comhthionól Ginearálta, cliceáil anseo: https://eu-for-children.europa.eu/activities-news/photos-videos-2023 

Sonraí

Dáta foilsithe
31 Eanáir 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Type of content
News