Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner
Alt nuachta21 Márta 2024Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide

Lá Breithe Sona do Chúinne na Foghlama atá 5 bliana ar an bhfód

happy birthday Learning corner

An 21 Márta 2024, beidh Cúinne na Foghlama 5 bliana ar an bhfód!

Le 5 bliana anuas, chabhraigh Cúinne na Foghlama chun ábhair spreagúla oideachasúla a chruthú agus a chur chun cinn i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais do dhaoine idir 5 bliana d’aois agus 18 mbliana d’aois. Más saoránach óg fiosrach Eorpach thú atá ag déanamh iarrachta eolas a chur ar an Aontas Eorpach, nó más múinteoir thú atá ag cuardach acmhainní chun a bhfuil i gceist leis an Aontas a mhíniú, tá Cúinne na Foghlama ann chun freastal ort.

Agus muid ag déanamh ceiliúradh ar theagmháil a dhéanamh le nach mór 6 mhilliún cuairteoirí in imeacht na mblianta, féachaimid ar an todhchaí freisin agus an tAontas a dhéanamh níos inrochtana, níos spreagúla agus níos spraíúla d’óige na hEorpa.

An bhfuil aon mholtaí agat chun feabhas a chur ar Chúinne na Foghlama? Ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn tríd an nasc ‘Cuidigh linn feabhsú’ atá le fáil thíos faoi ár n-ábhair. Le fanacht ar an eolas i gcónaí, liostáil le haghaidh LCNews chun go mbeimid in ann thú a choinneáil ar an eolas faoi ábhar nua ar Chúinne na Foghlama.

Sonraí

Dáta foilsithe
21 Márta 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Type of content
News