
Gach sé mhí, bíonn Ballstát difriúil den Aontas Eorpach i gceannas ar an Aontas. Is éard is brí leis sin go bhfuil an tír i gceannas ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, go n-eagraíonn sí cruinnithe cheannairí na mBallstát, agus go gcuireann sí in iúl na réimsí inar mhaith léi go ndéanfadh an tAontas dul chun cinn. Cuireadh tús le tréimhse na Slóivéine an 1 Iúil.
Is éard atá i gcroílár chuspóirí na Slóivéine tacú le téarnamh an Aontais agus a athléimneacht a threisiú, luachanna an Aontais a neartú, agus an tslándáil agus an chobhsaíocht a fheabhsú i gcomharsanacht na hEorpa. In éineacht le Parlaimint na hEorpa, Comhairle na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach, beidh deis ar leith ag an tSlóivéin a bheith i gceannas ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa.
Faigh tuilleadh eolais faoin tSlóivéin tríd an gcluiche ‘An tAontas Eorpach: Cad atá i gceist leis?’ agus sa bhileog eolais ‘An tAontas Eorpach: Fíorais agus figiúirí’
Tuilleadh eolais faoi uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 6 Iúil 2021