Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner
Alt nuachta18 Meitheamh 2024Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 1 nóiméad

Fan nasctha linn i rith an tsamhraidh!

""
Raw pixel CC0 1.0 UNIVERSAL

Tá deireadh ag teacht anois le scoilbhliain eile, agus tús ag teacht le laethanta saoire an tsamhraidh agus le sos atá tuillte go maith. Má tharlaíonn sé go mbíonn an aimsir go holc agus go bhfuil caitheamh aimsire á lorg agat, is iomaí ábhar agus cluiche oideachais atá ar fáil i gCúinne na Foghlama chun tú a choinneáil gnóthach.

Féach ár gcluaisín ‘Cluichí a imirt’ agus tiocfaidh tú ar chluichí ar líne nó cluichí inphriontáilte.

B’fhiú triail a bhaint freisin as cuid de na turgnaimh atá le fáil faoin táb Gníomhaíochtaí ‘Tá an Eolaíocht Iontach’! Beimid ar ais i mí Mheán Fómhair agus roinnt ábhar nua againn. Coinnigh súil amach dár gclosleabhar nua, do chur i láthair sleamhnán nuashonraithe, do ghnéithe idirghníomhacha nua in ‘Mise & an tAontas Eorpach’ agus go leor eile!  Go raibh sos samhraidh iontach agat!

Sonraí

Dáta foilsithe
18 Meitheamh 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Type of content
  • News