- Aoisghrúpa
- 15 bliana nó níos sine
- Réimse
- Cineál an ábhair
- Cluiche
- Cluiche ar líne
Scaiptear bréagaisnéis go tapa ar líne, agus bíonn tionchar aici go minic ar thuairimí sula mbíonn deis ag daoine na fíricí a fhíorú.
Tá cluiche ar líne forbartha ag an Aontas Eorpach ina léirítear an chaoi a n-oibríonn an bhréagaisnéis.
Cén misean atá agatsa? Bain úsáid as teaicticí amhrasacha chun go dtoghfar Turtle mar Pheata na Bliana.
Trí bhróga gníomhaí bréagaisnéise a chaitheamh, foghlaimeoidh tú faoi shé theicníc bhréagaisnéise choiteanna, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca iad a aithint nuair a thagann tú orthu san fhíorshaol.

An chaoi a n-oibríonn an cluiche:
Do theaictic a roghnú
Bain úsáid as teaicticí amhrasacha chun cuidiú le do pheata Turtle an Comórtas Bliantúil don Pheata is Fearr a bhuachan! Bí i do shaineolaí ar an mbréagaisnéis tar éis sé leibhéal ghearra.
Do theachtaireacht a chruthú
Roghnaigh comhdhéanamh do theachtaireachta, ó mhothúchánach go láimhsithe. Is féidir leat triail a bhaint as cineálacha éagsúla cur chuige chun a fháil amach cad a oibríonn agus cad nach n-oibríonn.
Na vótaí a fháil
Postáil do theachtaireacht agus luí siar go gaisciúil ag féachaint ar na vótáí ar son Turtle ag teacht isteach!
Caith vóta ar son Turtle - meirge
Caith vóta ar son Turtle - bróisiúr
Caith vóta ar son Turtle - treoracha
Caith vóta ar son Turtle - póstaer