Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner

Moving through the EU TIMELINE

CONAS AMLÍNE AN AONTAIS EORPAIGH A ÚSÁID

Fáilte chuig Amlíne an Aontais Eorpaigh! Feicfidh tú anseo conas brabhsáil a dhéanamh de réir tréimhsí ama nó de réir catagóirí, conas d’imeacht féin a chur leis na tréimhsí ama, agus do rogha míreanna a chomhroinnt agus a phriontáil.

how-to-use-the-timeline-banner_ga.png

 

Brabhsáil de réir tréimhse ama

  • Is féidir brabhsáil trí cheithre thréimhsí ama.
    irish_1.1.png

     

  • Cliceáil ar an tréimhse ama ar mian leat breathnú uirthi.
    irish_1.2.png

     

  • Beidh scáileán nua le feiceáil ar a mbeidh íomhá den tréimhse ama sin agus amlíne faoina bun.
    irish_1.3.png

     

  • Má fheiceann tú an bhliain ina bhfuil suim agat, cliceáil uirthi. Mura bhfeiceann, is féidir leat scrollú síos go dtiocfaidh tú uirthi agus cliceáil uirthi le léamh faoi imeachtaí na bliana sin.
    irish_1.4.png

     

  • Is féidir leat do rogha imeachta nó do rogha leathanaigh a chomhroinnt le do chairde agus iad a phriontáil freisin.
    irish_1.5.png

     

Brabhsáil de réir catagóire

  • Is féidir brabhsáil trí shé chatagóir.
    irish_2.1.png

     

  • Cliceáil ar an gcatagóir ar mian leat breathnú air (m.sh. TEICNEOLAÍOCHT CUMARSÁIDE).
    irish_2.2.png

     

  • Agus é sin déanta agat, cliceáil ar an tréimhse ama ar mian leat breathnú uirthi (m.sh. 1946-1959).
    irish_2.3.png

     

  • Is féidir scrollú síos agus léamh faoi na himeachtaí sa chatagóir agus tréimhse ama atá roghnaithe agat.
    irish_2.4.png

     

  • Is féidir leat do rogha imeachta nó do rogha leathanaigh a chomhroinnt le do chairde agus iad a phriontáil freisin.
    irish_2.5.png

     

D’imeacht a chur leis an amlíne

  • Cibé acu atá tú ag brabhsáil trí na tréimhsí ama nó trí na catagóirí, téigh chuig an mbliain shonrach lenar mian leat d’imeacht féin a chur.
    irish_3.1.png

     

  • Scrollaigh síos chomh fada le “D’imeacht a chur leis an amlíne”.
    irish_3.2.png

     

  • Cliceáil air agus cuir isteach na sonraí.
    irish_3.3.png

     

  • Cliceáil ar “Cuir le hamlíne an Aontais Eorpaigh”. Ní bheidh do nótaí pearsanta le feiceáil ach amháin i do bhrabhsálaí, ach beidh tú in ann iad a phriontáil.
    irish_3.4.png
    © European Union