Múnlaíonn an dlíchóras a chruthaigh an tAontas Eorpach ár saol polaitiúil agus ár sochaí. Ní saoránaigh de chuid a dtíre, a mbaile nó a gceantar amháin iad daoine aonair níos mó: is saoránaigh de chuid an Aontais iad freisin. Scrúdaíonn an tEolaire ar Dhlí an Aontais Eorpaigh leis an Ollamh KlausDieter Borchardt fréamhacha an tionscadail Eorpaigh agus an fhorbairt a tháinig air mar dhlíchóras, agus is saothar críochnaitheach ar an ábhar é.
Cuireadh ar fáil é chun léargas tosaigh a thabhairt do na léitheoirí siúd ar suim leo a leithéid ar struchtúr an Aontais agus ar cholúin taca dhlíchóras na hEorpa.

© European Union