Cruthaíodh an Eoraip mar atá sí inniu a bhuí le spreagadh na gceannairí físeacha a ndéantar cur síos orthu sa rannán seo, ina measc sin tá trodaithe frithbheartaíochta, marthanóirí an uileloiscthe, polaiteoirí agus réalta scannán go fiú.
Rinne cuid mhór acu a ndícheall deireadh a chur leis na huafáis a bhain leis an dá chogadh dhomhanda agus chuir siad an tsíocháin agus an dlúthpháirtíocht chun cinn. Sheas siad an fód ar son na luachanna bunúsacha ar a bhfuil an tAontas bunaithe:
- an tsaoirse, an daonlathas agus an comhionannas
- urraim do dhínit an duine, cearta an duine agus an smacht reachta
- dlúthpháirtíocht agus cosaint don uile dhuine
Chuidigh siad chun na córais a fhorbairt ónar eascair cobhsaíocht eacnamaíoch agus an euro, sin agus thacaigh siad le stair shaibhir chultúrtha na hEorpa agus leis an éagsúlacht theangeolaíoch. Sa rannán seo, déantar ceiliúradh ar na dóigheanna ar chuir siad leis an Eoraip mar atá sí sa lá atá inniu ann. A bhuí lena misneach agus lena dtiomantas, is réigiún síochánta cobhsaí é an Eoraip inniu.
Ceannródaithe an Aontais ar fáil sna formáidí seo a leanas: