- Aoisghrúpa
- 12 - 15 bliana
- 15 bliana nó níos sine
- Réimse
- Cineál an ábhair
San fhoilseachán seo, dírítear ar phraghsanna ar fud na hEorpa, agus cuirtear forbhreathnú mionsonraithe ar fáil ann i dtaca leis an ábhar sin, ar ábhar é a bhfuil ról ríthábhachtach aige i saol an uile dhuine. Tá an foilseachán leagtha amach i dtrí rannán, ‘An chaoi a mairimid’, ‘Costas tithíochta’ agus ‘Tógáil’ agus cuirtear sonraí ar fáil ann faoi bheith i do chónaí i dteach nó in árasán, faoi bheith i d’úinéir nó i do chíosaí, faoi mhéid agus caighdeán na tithíochta agus faoin tionchar ar an gcomhshaol. Cuirtear i láthair ann freisin éabhlóid praghsanna tithe agus cíosanna ó 2010, an chaoi ar tháinig éabhlóid ar earnáil na tógáil ó shin i leith agus léirítear ann na ceantair is mó san Aontas ina bhfuil go leor tógála déanta. Cuirtear na sonraí go léir i láthair trí théacsanna gairide agus léirithe idirghníomhacha chun go mbeidh tú in ann do thír féin a chur i gcomparáid le tíortha eile.
Ar an ábhar céanna
AE i sleamhnáin
Tabhair geábh siar san am chun eolas a chur ar thréimhsí tábhachtacha sa stair, ar fhionnachtana, ar mhór-imeachtaí sa spórt agus sa tsochaí agus ar neart eile. Go leor de na nithe sin, tá lorg acu fós ar an Aontas Eorpach sa ré seo
Cabhraigh le do dhaltaí níos mó a fhoghlaim faoi thíortha an Aontais Eorpaigh ag baint úsáide as an léarscáil spraoiúil, idirghníomhach seo. Tóg turas...
Tá cruth bonn Euro ar an mbileog seo — bileog atá le scaipeadh ar dhaltaí bunscoile. Beidh na gasúir in ann fíricí beaga a thabhairt leo faoi airgeadr...
Forbraíodh an uirlis oideachais Europe@school – Ceachtanna gníomhacha faoin Aontas Eorpach chun AE a thabhairt isteach sa seomra ranga.
- Highlighted
Is féidir le daltaí suíochán a ghlacadh i bParlaimint na hEorpa agus taithí a fháil ar an bpróiseas cinnteoireachta go díreach óna seomra ranga nó ón bpobal tríd an gcluiche seo ar líne!
Ar mhaith le do dhaltaí cuidiú chun difear a dhéanamh sa domhan? Leis na huirlisí ‘An difear a dhéanann Daonlathas an Aontais’, spreagtar daltaí chun ról gníomhach a ghlacadh i saincheisteanna Eorpacha trí cheithre cheacht idirghníomhacha maidir leis an daonlathas san Aontas agus leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.
Uirlis teagaisc faoin Aontas Eorpach chun cur leis an bhfeasacht i measc daltaí 10 mbliana d’aois agus os a chionn.