- Aoisghrúpa
- 15 bliana nó níos sine
- Réimse
- Cineál an ábhair
- Físeán
- Suíomh gréasáin
- Uirlis teagaisc
- Sleamhnáin láithreoireachta
- Leabhar gníomhaíochta
Ar mhaith le do dhaltaí cuidiú chun difear a dhéanamh sa domhan? Leis na huirlisí ‘An difear a dhéanann Daonlathas an Aontais’, spreagtar daltaí chun ról gníomhach a ghlacadh i saincheisteanna Eorpacha trí cheithre cheacht idirghníomhacha maidir leis an daonlathas san Aontas agus leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.
Baineann uirlisí ‘An difear a dhéanann Daonlathas an Aontais’ de chuid an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh úsáid as an teagasc, an taighde, díospóireacht, obair thionscadail agus ról-imirt mar chuid de cheithre aonad ionas go bhfoghlaimeoidh daltaí faoin gcaoi a ndéantar cinntí san Aontas, faoin gcaoi a ndéanann na cinntí sin difear dá saol laethúil, agus faoin gcaoi a gcuireann an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ar a gcumas dul i gcomhairle daoine eile chun beartas an Aontais a mhúnlú i dtaca le saincheisteanna ar cás leo iad.
Leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, is féidir le saoránaigh an Aontais tionchar a imirt ar bheartais an Aontais trí ábhair a chur ar chlár oibre an Aontais. Bunaíodh an Tionscnamh in 2012 agus is é is aidhm do na huirlisí sin feasacht ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a mhéadú i measc daltaí na sraithe sinsearaí, sin agus a thaispeáint dóibh an chaoi le bheith ina saoránaigh ghníomhacha ar feadh an tsaoil.
Ar an ábhar céanna

Forbraíodh an tacar uirlisí seo do mhúinteoirí bunscoile agus foghlaimeoirí óga bunscoile (6-7 bhliana d’aois). Is aidhm leis tacú le múinteoirí plé a eagrú sa seomra ranga chun dul i ngleic ar bhealach éifeachtach le steiréitíopaí inscne, bunaithe ar an sampla ón earnáil iompair.

Tá an-dul chun cinn déanta san Eoraip maidir le cearta na mban ach tá an baol ann go gcuirfear ar gcúl é mar gheall ar phaindéim an choróinvíris. Amharc ar an bhfíseán chun léargas a fháil.

In 2018 bhí cothrom 50 bliain ó bunaíodh Aontas Custaim an Aontais Eorpaigh á cheiliúradh san Aontas Eorpach.

Leagtar béim sa bhróisiúr seo ar an méid atá bainte amach ag an Aontas maidir le tacú le saincheisteanna a bhaineann leis an óige, tionscnaimh oideachais, fostaíochta, sláinte agus chomhshaoil ina measc ó cuireadh tús le sainordú reatha an Choimisiúin Eorpaigh in 2019.

Is é is aidhm don tsraith uirlisí oideachasúla seo treoir phraiticiúil a thabhairt d’oideoirí don taispeántas Art in Democracy.

Clúdaíonn an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte cóir leighis i gcás géarchéimeanna agus i gcás riochtaí sláinte a bhí ann cheana, le linn do dhaoine a b...

Treoraíocht foghlama idirghníomhach spraíúil do leanaí idir 9 agus 13 bliana d’aois chun bheith ina gCuraidh Dhaonlathais agus difear a dhéanamh ina scoil ná ina bpobal féin.

Tá bunluachanna áirithe ag tíortha uile an AE, atá mar bhonn faoi shochaí shaor. Cosnaíonn an tAE na comhluachanna sin chun cuimsiú, caoinfhulaingt, c...
