Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
Learning corner
  • Fógra nuachta
  • 8 Meán Fómhair 2021
  • Am léitheoireachta: 1 nóiméad

15 Meán Fómhair | Cuir an dáta sa dialann: aitheasc ar Staid an Aontais 2021

""
© European Union

Gach bliain i mí Mheán Fómhair, tugann Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh an t-aitheasc ar Staid an Aontais os comhair Pharlaimint na hEorpa. Déantar trácht san aitheasc sin ar an méid a baineadh amach in imeacht na bliana a chuaigh thart agus leagtar amach tosaíochtaí na chéad bhliana eile.

Ina cheann sin, leagann an tUachtarán amach an dóigh a rachaidh an Coimisiún i ngleic leis na dúshláin is práinní atá roimh an Aontas Eorpach agus smaointe maidir le todhchaí an Aontais a mhúnlú.

Tabharfaidh Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, a haitheasc an 15 Meán Fómhair 2021. Leanfaidh díospóireacht iomlánach le feisirí de chuid Pharlaimint na hEorpa an óráid.

Staid an Aontais 2021

Sonraí

Dáta foilsithe
8 Meán Fómhair 2021