Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
Learning corner

Bí i d’Ambasadóir le haghaidh an Chomhshocraithe Aeráide Eorpaigh

  • Alt nuachta
  • 1 Deireadh Fómhair 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 1 nóiméad

An bhfuil tú réidh le gníomhú i leith an athraithe aeráide? Nó an bhfuil aithne agat ar dhuine ar shuim leis gníomhú?  

Ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Deireadh Fómhair beidh glao ar Ambasadóirí nua le haghaidh an Chomhshocraithe Aeráide Eorpaigh ar oscailt! Déantar iarratais a mheasúnú ar bhonn atrátha, mar sin tá fáilte roimh iarratais luatha (in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh). Is i mBéarla a reáchtálfar gníomhaíochtaí an chomhshocraithe ar leibhéal an Aontais.  

Cad é an Comhshocrú Aeráide Eorpach?  

Gluaiseacht daoine is ea an Comhshocrú Aeráide Eorpach, ina ngníomhaíonn gach duine chun go mbeidh an Eoraip níos glaine agus níos athléimní. Sheol an Coimisiún Eorpach an Comhshocrú mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip agus tacaíonn sé le sprioc an Aontais an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Cibé acu atá tú ag tosú amach nó i mbun gníomhaíochta cheana féin i do phobal nó in d’eagraíocht, tá áit sa Chomhshocrú duit. 

Bíonn Ambasadóirí an Chomhshocraithe Aeráide Eorpaigh ar thús cadhnaíochta trí bheith ag spreagadh, ag scaipeadh agus ag tacú le gníomhaíocht ar son na haeráide ina bpobail agus ina líonraí féin. Nascann siad leis na céadta daoine eile atá ar aon intinn leo, comhroinneann siad smaointe agus réitigh, úsáideann siad uirlisí agus acmhainní praiticiúla, agus cinntíonn siad go dtugtar aird ar do chuid iarrachtaí. An dóigh leat go bhfuil an mianach ceart ionat? 

Faigh tuilleadh eolais, scaip an scéal, agus déan iarratas inniu! 

 

 

Dáta foilsithe
1 Deireadh Fómhair 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Type of content
  • News