Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner
Fógra nuachta9 Deireadh Fómhair 2023Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide

DiscoverEU: Tá sé in am do mhála droma a phacáil agus an Eoraip mhór a fheiceáil

Apply for a DiscoverEU travel pass and start exploring more than 30 countries in the EU and beyond!

An bhfuil tú 18 mbliana d’aois agus an bhfuil cónaí ort i dtír den Aontas Eorpach nó i dtír eile atá comhlachaithe le Erasmus+? Má tá, faigh faoi réir le dul ar eachtra le DiscoverEU!

Tugann DiscoverEU deis duit taisteal san Eoraip, eolas a chur ar a héagsúlacht agus foghlaim faoina hoidhreacht chultúrtha agus faoina stair. Ag taisteal duit ar an traein, tiocfaidh tú ar thírdhreacha iontacha agus ar éagsúlacht mhór cathracha agus bailte. Ar a bharr sin, buailfidh tú le daoine ó gach cearn den mhór-roinn.   

Má roghnaítear thú, beidh tú in ann taisteal ar feadh suas le 30 lá agus gheobhaidh tú Cárta Óige Eorpach DiscoverEU, rud a thabharfaidh lascainí duit ar chuairteanna cultúrtha, ar ghníomhaíochtaí foghlama agus ar go leor rudaí eile!

Ná déan moilleadóireacht. Tá an Eoraip faoi do réir. Imigh faoina déin.

Deireadh an iarratais: 18/10/2023 12:00 (Am Samhraidh Lár na hEorpa)

Breis eolais fúthu seo a leanas: DiscoverEU

 

Sonraí

Tagairt
Discover EU
Dáta foilsithe
9 Deireadh Fómhair 2023 (An uair dheiridh a nuashonraíodh: 10 Deireadh Fómhair 2023)
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Aoisghrúpa
15 bliana nó níos sine
Type of content
Competition