
Cad iad na rudaí is mó ar cás le daoine óga san Eoraip iad? Sin í an cheist atá i gcroílár an dara cruinniú de Bhord na nÓg um Chomhairliú an Uachtaráin, a tionóladh sa Bhruiséil an 22 Iúil.
Bhuail níos mó ná 30 ionadaí óg ó gach cearn den Aontas, in éineacht le heagraíochtaí óige ó thíortha is iarrthóirí agus ó thíortha is iarrthóirí ionchasacha, leis an Uachtarán, Ursula von der Leyen, chun tosaíochtaí don chéad Straitéis Óige eile de chuid an Aontais tar éis 2027 a phlé.
‘Tá sé thar a bheith tábhachtach go gcuireann daoine óga a gcuid tuairimí in iúl agus go n-éistear leo’. - Valentin, an Bheilg
Bunaíodh Bord na nÓg um Chomhairliú an Uachtaráin in 2025 chun a chinntiú go n-éistear le smaointe agus taithí daoine óga ar an leibhéal is airde de chinnteoireacht an Aontais. Ag an gcéad chruinniú a bhí aige, roinn na comhaltaí moltaí maidir le sábháilteacht leanaí agus daoine óga ar líne, rud a chuidigh chun obair an Choimisiúin sa réimse sin a mhúnlú.
‘Ná mheas faoi bhur gcumas an chumhacht atá agaibh mar dhaoine óga’. - Isabel, an Ghearmáin
Tá an Bord ar cheann de roinnt bealaí a bhfuil an Coimisiún Eorpach ag obair le daoine óga chun beartais a fhorbairt a léiríonn na tosaíochtaí agus na huaillmhianta atá acu.
- Dáta foilsithe
- 24 Iúil 2026
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
- Type of content
- News






