Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner
Fógra nuachta1 Iúil 2021Am léitheoireachta: 1 nóiméad

Tá AE ag gníomhú i gcoinne truailliú plaisteach

""
© European Union

Is plaistigh iad níos mó ná 80% de bhruscar mara. Cruinníonn plaisteach sna farraigí, sna haigéin agus ar thránna AE agus ar fud an domhain. Faightear iarmhair phlaisteacha i speicis mhuirí – mar thurtair mhara, rónta, míolta móra agus éin, ach freisin in iasc agus i sliogéisc, agus mar sin sa slabhra bia daonna.

Ón 3 Iúil 2021, ní féidir plátaí, sceanra, tuí, bataí balún agus bachlóga cadáis plaisteacha aon-úsáide a chur ar mhargaí Bhallstáit AE. Ina theannta sin, baineann an beart céanna le cupáin, coimeádáin bia agus dí déanta as polaistiréin leathnaithe, agus gach táirge déanta as plaisteach oxo-dhíghrádaithe. Cé gur ábhar áisiúil, úsáideach agus luachmhar é plaistigh, caithfear iad a úsáid, a athúsáid agus a athchúrsáil ar shlí níos fearr.

Tuilleadh eolais (foilseacháin, beochana, físeáin...)

Sonraí

Dáta foilsithe
1 Iúil 2021