Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner
Alt nuachta5 Aibreán 2024Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide

Míniú ar Shaoránacht an Aontais Eorpaigh: Do chearta agus na deiseanna atá ar fáil duit a thuiscint

""

An bhfuil a fhios agat cé na cearta agus na deiseanna a bhfuil tú ina dteideal mar shaoránach den Aontas Eorpach?

Más mian leat snas a chur ar an eolas atá agat cheana nó tuiscint níos doimhne a fháil ar shaoránacht an Aontais, beidh an méid sin beagán níos éasca anois a bhuí le bróisiúr nuafhoilsithe ón gCoimisiún Eorpach dar teideal ‘Saoránacht an Aontais Eorpaigh: Cearta agus Deiseanna’.

Cumhdaítear sa bhróisiúr gach gné a bhaineann le brí agus tairbhí shaoránacht an Aontais, samplaí nithiúla san áireamh den chaoi ar féidir leat an leas is fearr is féidir a bhaint as an tsaoránacht Eorpach. Mar sin, cén mhoill atá ort? Féach leat cén dóigh a ndéanann an tAontas do chearta a chosaint agus a chur chun cinn san Eoraip agus níos faide i gcéin!

Bain leas as ceann de na cearta iomadúla atá agat mar shaoránach den Aontas Eorpach an samhradh seo trí vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha an 6-9 Meitheamh. 

Sonraí

Dáta foilsithe
5 Aibreán 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Type of content
News