
Is féidir le meánscoileanna i ngach tír den Aontas clárú anois le haghaidh Juvenes Translatores, comórtas bliantúil aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh.
Beidh an comórtas ar siúl ar líne an 28 Samhain. I dtíortha uile an Aontais Eorpaigh, ar an lá céanna, aistreoidh na daltaí téacs faoi mhaoirseacht a
múinteoirí.
Is féidir le scoileanna clárú ar líne ionas go mbeidh a gcuid daltaí in ann dul in iomaíocht lena gcomhghleacaithe ar fud an Aontais. Is féidir clárú in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais go dtí 12.00 Am Lár na hEorpa an 14 Deireadh Fómhair 2024.
Cé atá in ann páirt a ghlacadh ann?
Daltaí meánscoile a rugadh in 2007
Cúlra
Gach bliain ó bhí 2007 ann, tá an comórtas Juvenes Translatores á reáchtáil ag Ard-Stiúrthóireacht Aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh i scoileanna ar fud an Aontais Eorpaigh. Blaiseadh de ghairm an aistritheora agus an spreagadh le teangacha iasachta a fhoghlaim, sin an rud a thugann an comórtas aistriúcháin do dhaoine óga, agus seans go mbeidh cuid acu ina n-aistritheoirí gairmiúla amach anseo dá bharr. Glacann thart ar 3,000 déagóir ó bheagnach 700 meánscoil páirt sa chomórtas gach bliain.
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 11 Meán Fómhair 2024
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
- Aoisghrúpa
- 15 bliana nó níos sine
- Type of content
- Competition