
Is saincheist mhór í an tsábháilteacht ar líne a dhéanann difear do leanaí ar fud an Aontais. Chun a sábháilteacht a fheabhsú, chun iad a chumhachtú ar líne agus chun smaointe a fhorbairt maidir le conas iad a chosaint ar bhealach níos fearr, thionóil an tUachtarán von der Leyen an chéad chruinniú den Phainéal Speisialta maidir le sábháilteacht leanaí ar líne. Tiocfaidh an painéal speisialta sin le chéile roinnt uaireanta sna míonna amach romhainn, agus tabharfaidh sé aghaidh ar réimse saincheisteanna, tionscnaimh amhail aip an Aontais um Fhíorú Aoise san áireamh. Cuirfear aiseolas tábhachtach ó Bhord na nÓg um Chomhairliú an Uachtaráin agus na Painéil Saoránach Eorpach san áireamh iontu freisin. Tá sé d’aidhm ag an bpainéal tuarascáil ina mbeidh moltaí a chur faoi bhráid an Uachtaráin von der Leyen faoi shamhradh 2026.

An bhfuil tú fiosrach faoin gcaoi a gcosnaíonn an tAontas tú ar líne? Is é is aidhm do na rialacha a tugadh isteach leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha domhan níos cothroime agus níos sábháilte ar líne a chruthú.
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 5 Márta 2026
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide





