Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
Learning corner
  • Alt nuachta
  • 22 Deireadh Fómhair 2025
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 1 nóiméad

Léim ar an traein: bí ag taisteal thart ar an Eoraip le DiscoverEU!

Photo session for COMM A2 Youth Catalogue – Outside location photos

In 2025 táimid ag ceiliúradh 40 bliain de Chomhaontú Schengen, ar a bhfuil an taisteal gan teorainneacha ar fud an Aontais bunaithe. Le do phas DiscoverEU, is féidir leat eolas a chur ar an Eoraip agus ar an tsaoirse sin!

An bhfuil tú 18 mbliana d’aois?

Is féidir iarratais DiscoverEU 2026 a dhéanamh ón 30 Deireadh Fómhair. Déan iarratas/Cláraigh chun an deis a bheith agat pas saor a bhuachan, lenar féidir leat taisteal leat ar fud na hEorpa go ceann suas le 30 lá! 

An méid atá romhat 
Roghnaigh na cinn scríbe is ansa leat agus cuir le chéile turas ar do mhian: sráideanna stairiúla na Róimhe a shiúl, féachaint thart ar na margaí Nollag i Vín, agus do scíth a ligean ar thránna grianmhara na Cróite. Feadh an bhealaigh, buailfidh tú le daoine óga ó gach cearn den Eoraip, agus is féidir libh na heispéiris, na teangacha agus na scéalta a chomhroinnt lena chéile. Is féidir leat comhrá a dhéanamh le muintir na háite, triail a bhaint as gníomhaíochtaí nua, agus tú féin a thumadh i gcultúir éagsúla. Deis atá i ngach nóiméad acu cuimhní dodhearmadta a chruthú a bheidh agat go brách.

Conas iarratas a dhéanamh
1️⃣ An bhfuil tú 18 mbliana d’aois? ✅
2️⃣ Déan quiz na hEorpa📝
3️⃣ Déan iarratas anseo: DiscoverEU | Tairseach Eorpach na hÓige idir an 30 Deireadh Fómhair agus an 13 Samhain. Má roghnaítear thú, beidh do phas réidh, agus cuirfear tús le d’eachtra Eorpach! 🎫

Tá an Eoraip do d’iarraidh. Tapaigh an deis – tosaíonn do thuras anois! 🚂

Sonraí

Dáta foilsithe
22 Deireadh Fómhair 2025
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide