Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner
Fógra nuachta8 Aibreán 2024Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide

Tá Seachtain Eorpach na hÓige buailte linn!

Young people with the European flag

Idir an 12 agus an 19 Aibreán, déanaimid ceiliúradh ar óige na hEorpa!

 

Le béim ar leith ar rannpháirtíocht dhaonlathach na hóige roimh na toghcháin Eorpacha in mí an Mheithimh, cuireann Seachtain Eorpach na hÓige deis iontach ar fáil do dhaoine óga chun teacht le chéile agus páirt a ghlacadh in éineacht lena gcuid piaraí agus le lucht déanta beartas.

 

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin Aontas agus faoi na deiseanna a chuireann sé ar fáil do dhaoine óga, do thuairimí a chur in iúl faoi shaincheisteanna tábhachtacha Eorpa, nó spreagadh a fháil ó dhaoine óga eile, ná bíodh drogall ar bith ort páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí a eagrófar le linn Sheachtain Eorpach na hÓige.

 

Le féachaint ar na gníomhaíochtaí ar fad a bheidh ar siúl san Eoraip agus níos faide i gcéin, féach leat Tairseach Eorpach na hÓige (Glac páirt i ngníomhaíochtaí ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin | Tairseach na hÓige (europa.eu).

Sonraí

Dáta foilsithe
8 Aibreán 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Type of content
Event