Ar mhaith leat saincheisteanna inbhuanaitheachta a phlé le do dhaltaí agus iad a spreagadh chun an pláinéad a chosaint?
Sa tsraith uirlisí nua seo do mhúinteoirí meánscoile, tá gníomhaíochtaí seomra ranga, fíricí comhshaoil chun an comhthéacs a léiriú, samplaí spreagúla de thionscadail agus gníomhartha “glasa” is féidir le daltaí a dhéanamh ina saol laethúil féin.
Tá na huirlisí le fáil i ngach teanga oifigiúil den Aontas Eorpach anseo
Forbraíodh an tsraith uirlisí mar chuid d’fheachtas Turais Ghlais de chuid an Choimisiúin Eorpaigh. Féach láithreán gréasáin an fheachtais chun
- clárú do sheimineáir ghréasáin ina mínítear conas na huirlisí a úsáid agus
- teacht ar ábhair bhreise chun daoine óga a mhealladh i saincheisteanna inbhuanaitheachta i mBéarla, Fraincis, Ollainnis, Gearmáinis, Portaingéilis, Liotuáinis agus Gréigis.
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 31 Márta 2021