
Arís i mbliana, tabharfaidh Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, achoimre ar an méid atá bainte amach le bliain anuas agus ar na saincheisteanna tábhachtacha atá roimh mhuintir na hEorpa. Cuirfidh sí i láthair na tosaíochtaí agus na tionscnaimh nithiúla chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin sa bhliain atá le teacht, mar shampla trí dhlíthe nó beartais nua de chuid an Aontais a mholadh.
Is ábhar tráthúil den scoth atá san aitheasc seo don phlé sa seomra ranga maidir leis an Aontas Eorpach agus a thodhchaí, agus d’fhéadfaí úsáid a bhaint as mar chuid thábhachtach de cheacht níos leithne ar an Eoraip. Is féidir leat teacht ar eolas anseo chun an t-ábhar sin a chur i láthair daltaí, agus is féidir amharc ar an óráid féin ó 09:00 (am Lár na hEorpa) an 10 Meán Fómhair ach cliceáil ar an nasc seo, áit a bhfuil eolas úsáideach agus ábhar cumarsáide eile le fáil
Beidh bróisiúr léiritheach ar fáil ar líne, i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais, ina leagfar béim ar na príomhéachtaí polaitiúla a bhfuil tionchar acu ar shaol laethúil na saoránach.
Foinsí
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 8 Meán Fómhair 2025
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
- Type of content
- Event




