Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner
Alt nuachta10 Eanáir 2023Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide

Uachtaránacht na Sualainne ar an Aontas Eorpach

Seans go bhfuil a fhios agat go ndéantar Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh a mhalartú idir Ballstáit an Aontais gach re seal. Ón 1 Eanáir is ag an tSualainn a bheidh an Uachtaránacht sin.  

""
© Good Studio/ AdobeStock

Ach an raibh a fhios agat go bhfuil an tSualainn mar chuid de thríréad ina bhfuil na tíortha a tháinig roimpi? Is ag an bhFrainc a bhí an Uachtaránacht sa chéad leath de 2022 agus ag Poblacht na Seice sa dara leath de 2022, agus mar a tharlaíonn sé, is in éineacht leis na tíortha sin a d’ullmhaigh an tSualainn an clár ina leagtar amach na tosaíochtaí coiteanna do na trí Uachtaránacht.

Le clár na dtrí Uachtaránacht, clúdaítear tréimhse níos faide ó tharla go maireann sé 18 mí, ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2023.

Is iad seo a leanas na ceithre théama tosaíochta a shainaithin an Fhrainc, an tSeicia agus an tSualainn:

  • Na saoránaigh agus a saoirsí a chosaint
  • Bunús eacnamaíoch agus samhail Eorpach nua a chur chun cinn
  • Eoraip dhícharbónaithe ghlas chothrom shóisialta a thógáil
  • Leasanna agus luachanna Eorpacha a chur chun cinn ar fud an domhain

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Uachtaránacht na Sualainne ar an Aontas Eorpach, faoina tosaíochtaí, faoi imeachtaí cultúrtha atá beartaithe agus faoi stair a lógó: cliceáil anseo

 

 

Sonraí

Dáta foilsithe
10 Eanáir 2023
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide