
Is deis uathúil í an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa do shaoránaigh Eorpacha dúshláin agus tosaíochtaí na hEorpa a chur faoi chaibidil. Is cuma cad as a dtagann tú nó cad a dhéanann tú, is anseo a fhéadfaidh tú do mhachnamh a dhéanamh ar a bhfuil uait maidir le todhchaí an Aontais Eorpaigh.
Tá gealltanas tugtha ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle Eorpach agus ag an gCoimisiún Eorpach éisteacht le muintir na hEorpa agus obair leantach a dhéanamh, laistigh dá raon feidhme, ar na smaointe agus ar na moltaí a dhéantar.
Is féidir libhse múinteoirí meánscoile aischothú tábhachtach a spreagadh i measc bhur ndaltaí agus fíor-eispéireas daonlathais rannpháirtíochta a thabhairt dóibh sa seomra ranga. Glac páirt sa Chomhdháil agus labhair amach tríd an Ardán digiteach ilteangach – mol digiteach na Comhdhála.
Féach an rannán “Líonrú a dhéanamh le múinteoirí eile” ar Chúinne na Foghlama chun a fháil amach conas is féidir leat an daonlathas atá faoi stiúir daoine a thabhairt isteach sa seomra ranga agus cur leis an bplé uile-Eorpach seo.
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 28 Meán Fómhair 2021