Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
Learning corner

Bain lántairbhe as an gcumhacht atá agat! Faigh tuilleadh eolais faoi do chearta fuinnimh

  • Alt nuachta
  • 19 Meitheamh 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 1 nóiméad

An raibh a fhios agat go bhfuil cearta ag saoránaigh an Aontais a d’fhéadfadh cabhrú leo roghanna eolacha a dhéanamh faoina gcaiteachas fuinnimh agus faoina mbillí? 

Feachtas nua de chuid an Choimisiúin Eorpaigh is ea ‘Bain lántairbhe as an gcumhacht atá agat! Leatsa an fuinneamh. Agatsa na cearta. Leatsa an rogha.’ lena mínítear na cearta sin le samplaí praiticiúla fíorshaoil. Clúdaíonn sé ábhair amhail billí fuinnimh a thuiscint, tacaíocht a fháil nuair is gá, roghanna eolacha fuinnimh a dhéanamh, agus páirt a ghlacadh i bpobail fuinnimh. 

Is é is aidhm don fheachtas cabhrú le daoine tuiscint níos fearr a fháil ar na deiseanna agus ar na cosaintí atá ar fáil dóibh faoi rialacha fuinnimh an Aontais, sin agus a léiriú conas is féidir leis na cearta sin difear a dhéanamh sa saol laethúil. Trí fhíseáin, scéalta ratha agus acmhainní eile ar líne, is féidir le saoránaigh a fháil amach conas atá daoine eile ag baint tairbhe as na cearta sin cheana féin ar fud na hEorpa. 

Is scil saoil thábhachtach é tuiscint a fháil ar an gcaoi a gcaitear fuinneamh, an chaoi a n-íoctar as, agus an chaoi a mbainistítear é. Cuireann an feachtas túsphointí úsáideacha ar fáil do chomhráite sa bhaile agus sa seomra ranga, rud a chuidíonn le daoine óga tuiscint níos fearr a fháil ar an ról is féidir leo a imirt i dtodhchaí fuinnimh na hEorpa. 

Faigh tuilleadh eolais anseo:  

 

Dáta foilsithe
19 Meitheamh 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Type of content
  • News