Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner
Fógra nuachta5 Márta 2021

Leatsa an Eoraip, Abair leat! 2021 – Glac páirt sa díospóireacht ar an athrú aeráide!

""
© European Union

An 18-19 Márta 2021, tionólfaidh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an t‑imeacht don aos ógLeatsa an Eoraip, Abair leat!” den 12ú bliain as déis a chéile.

 

Cad é téama na bliana seo? An t-athrú aeráide. Tionólfar an t‑imeacht ar líne bunaithe ar mhúnla COP (Comhdháil na bPáirtithe) agus beidh níos mó ná 120 mac léinn agus 35 mhúinteoir as 33 thír rannpháirteach ann. Más spéis leat an t-ábhar sin, is féidir leat páirt a ghlacadh san imeacht Dearadh an Athraithe Chórasaigharb imeacht poiblí beo é sin a bheidh ar siúl maidin Dé Sathairn, an 20 Márta.

 

Beidh deis agat foghlaim faoi na hathruithe córasacha nach mór a dhéanamh chun dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide ó shaineolaithe óga, ó ghníomhaithe agus ó lucht tionchair, ceisteanna a chur faoina mbráid agus do thuairimí féin a roinnt. Úsáidfidh ealaíontóirí do chuid tuairimí chun saothar ealaíne a dhéanamh trínar féidir leat foghlaim faoin gcumhacht atá ag an ealaín chun cúrsaí a athrú.

 

Más gníomhaí óg nó ealaíontóir thú nó más amhlaidh atá fiosracht ort ina thaobh, bí linn ar 10 a.m. am na Bruiséile an 20 Márta, agus inis dúinn faoi na hathruithe is mian leat a fheiceáil ar fud an domhain! Is i mBéarla a bheidh an t-imeacht ar siúl d’fhonn an malartú idir na rannpháirtithe a éascú.

 

Nasc chuig an imeacht => Leatsa an Eoraip, Abair leat | Facebook

Sonraí

Dáta foilsithe
5 Márta 2021