An spás spraoi-fhoghlama
Más dalta bunscoile nó meánscoile tú, tiocfaidh tú ar chluichí, comórtais agus leabhair ghníomhaíochta anseo chun cabhrú leat eolas a chur ar an Aontas ar bhealach spraíúil sa seomra ranga nó sa bhaile. Is féidir leat tuilleadh a fhoghlaim freisin faoi staidéar nó obair dheonach a dhéanamh i dtír eile.
An spás teagaisc agus líonraithe
Más múinteoir tú agus más mian leat cabhrú le do dhaltaí eolas a chur ar an Aontas Eorpach agus ar an mbealach a fheidhmíonn sé, is foinse ábhar teagaisc é seo do gach aoisghrúpa. Chomh maith le hinspioráid a fháil do phleananna ceachta, is féidir leat freisin deiseanna líonraithe a aimsiú le scoileanna agus múinteoirí eile ar fud an Aontais.
I ngach teanga den Aontas
Tá Cúinne na Foghlama ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Roghnaigh an teanga is rogha leat ag barr an leathanaigh.
Faigh amach níos mó

Tabhair geábh siar san am chun eolas a chur ar thréimhsí tábhachtacha sa stair, ar fhionnachtana, ar mhór-imeachtaí sa spórt agus sa tsochaí agus ar neart eile. Go leor de na nithe sin, tá lorg acu fós ar an Aontas Eorpach sa ré seo

Aimsigh scoileanna le dul i gcomhar leo, múinteoirí lenar féidir leat do thaithí a roinnt, seimineáir agus tuilleadh eolais a chuireann líonraí Eorpacha ar fáil.

Eolas maidir le malartuithe, scoláireachtaí, obair dheonach, cúrsaí oiliúna, poist, cuairteanna ar institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus go leor deiseanna eile do dhaoine óga.
What's new

Buaigh turas ranga chun cuairt a thabhairt ar Pharlaimint na hEorpa lena ngabhfaidh clár saincheaptha agus fanacht aon oíche amháin.

Ón 18-24 Samhain déanaimid ceiliúradh ar an tSeachtain Feasachta Domhanda maidir le Frithsheasmhacht Fhrithmhiocróbach, tionscnamh domhanda chun dul i ngleic leis an mbagairt mhéadaitheach ó fhrithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach agus cógais fhrithmhiocróbacha eile. Is féidir leis an tsaincheist sin difear a dhéanamh do dhuine ar bith, áit ar bith, agus iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ann don tsláinte agus don tsochaí.

Tá saoránaigh ghníomhacha de dhíth ar an tsochaí, saoránaigh ar féidir leo an domhan ar mian leo cónaí ann a mhúnlú. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé a bheith dúshlánach leanaí agus déagóirí a spreagadh chun dul i ngleic leis an bpolaitíocht agus le luachanna Eorpacha. Tá Gníomhaíochtaí Jean Monnet Erasmus+ deartha go sonrach do mhúinteoirí agus do scoileanna chun an chéad ghlúin eile de shaoránaigh ghníomhacha, eolasacha agus fabhrach don Aontas a chothú.
















