Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner

Fanacht airdeallach ar líne: an féidir leat ionramháil ar fhaisnéise a aithint?

Aoisghrúpa
  • 15 bliana nó níos sine
Réimse
Cineál an ábhair

An féidir leat suíomh gréasáin dlisteanach a aithint ó cheann clónáilte? 

An féidir leat fíor-íomhánna, fíor-chlós-mhíreanna nó fíor-fhíseáin a aithint ó cinn ‘domhainbhrionnuithe’?  Ionramháil ar fhaisnéis, is bagairt thromchúiseach í ar ár ndaonlathas agus baineann sí an bonn dár muintearas. Tá an Coimisiún ag gníomhú agus ag obair go dlúth le hinstitiúidí eile an Aontais agus leis na Ballstáit chun dul i ngleic le hionramháil ar fhaisnéis. Tá roinnt acmhainní forbartha aige chun cabhrú le saoránaigh nascleanúint a dhéanamh go sábháilte ar líne agus ionramháil ar fhaisnéis a aithint ar bhealach níos éasca. Seo a leanas roinnt samplaí de ghníomhaíochtaí an Choimisiúin chun ár sochaí a chosaint ar ionramháil ar fhaisnéis:  

  • Freagracht na n-ardán ar líne a mhéadú chun a chinntiú go nglacfaidh siad céimeanna réamhghníomhacha chun dul i ngleic le rioscaí sistéamacha mar gheall ar fhaisnéis bhréagach nó mhíthreorach, lena gcinnteofar timpeallacht dhigiteach níos sábháilte agus níos iontaofa do chách.
  • Iriseoirí agus na meáin neamhspleácha a chosaint agus tacú leo, ó tharla go bhfuil saoirse na meán agus iolrachas na meán ríthábhachtach dár ndaonlathais.
  • Comhoibriú le seiceálaithe fíricí, leis an tsochaí shibhialta, leis na meáin agus leis an saol acadúil, agus tacú le tionscadail a chabhraíonn le cur i gcoinne ionramháil ar faisnéis agus trasnaíocht eachtrach, i ngeall go bhfuilimid níos cumhachtaí le chéile.

Trí straitéisí ionramhála ar fhaisnéis a thuiscint, cuirtear ar chumas daoine iad a aithint agus cur ina gcoinne. Is féidir leis na hacmhainní ar an leathanach seo cabhrú leat do chuid scileanna smaointeoireachta criticiúla a fhorbairt. Déan tú féin a chosaint ar ionramháil ar fhaisnéis.


Sraith uirlisí don seomra ranga

Leideanna físeáin chun cabhrú leat an bhréagaisnéis ar líne a aithint

Baineann gníomhaithe bréagaisnéise úsáid as teicnící éagsúla chun daoine a mhealladh agus tabhairt orthu ar líne. D’fhéadfadh idir chlóin de shuíomhanna gréasáin dlisteanacha agus fhuaimeanna nó fhíseáin a ndearnadh ionramháil chliste orthu – ar a dtugtar ‘domhainbhrionnuithe’ – iad deartha chun ár mothúcháin a shásamh agus cur isteach ar ár mbreithiúnas a bheith i gceist leis na teicnící sin.

An bhréagaisnéis agus ionramháil agus cur isteach eachtrach: Freagairt an Choimisiúin Eorpaigh

Is bagairt thromchúiseach ar ár sochaithe agus ar ár ndaonlathais iad an bhréagaisnéis agus ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis. Tá gá le cur chuige uile-shochaí chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin. Féach leat an méid atá á dhéanamh ag an gCoimisiún Eorpach chun a chumarsáid straitéiseach a neartú chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis

Ar an ábhar céanna

ai_explainer_3_levels.jpg

Cad is Intleacht Shaorga (IS) ann? Cad is brí léi? Cad iad feidhmchláir IS? Cad is féidir léi a dhéanamh agus conas a oibríonn sí? San fhíseán gearr s...

who_do_you_think_you_are_-_identity.jpg

Cén sainmhíniú atá agat ar do chéannacht? Cad iad na saintréithe a bheadh ag gabháil leis an gcéannacht sin? Bíonn athruithe agus forás ag teacht go l...

animation_19.png

Ár leithscéal, ach níl an t-ábhar sin ar fáil i nGaeilge.Free resources in 29 languages to help teachers introduce coding and computational thinking t...

An mbaineann tú úsáid as staitisticí agus tú i mbun teagaisc? Nó an mac léinn thú atá ag iarraidh níos mó a thuiscint faoi staitisticí? Ansin is é cúinne an Oideachais ar shuíomh gréasáin Eurostat an áit cheart duitse!

Trí anailís a dhéanamh ar shonraí staidrimh ar an leibhéal réigiúnach, is féidir aird a tharraingt ar na difríochtaí agus ar na cosúlachtaí ar fud an Aontais nó laistigh de thíortha. Féach leat staitisticí i do thír nó réigiún agus déan comparáid le tíortha nó réigiúin eile san Aontas Eorpach lenár bhfoilseacháin idirghníomhacha théamacha!