Faigh amach níos mó

Tabhair geábh siar san am chun eolas a chur ar thréimhsí tábhachtacha sa stair, ar fhionnachtana, ar mhór-imeachtaí sa spórt agus sa tsochaí agus ar neart eile. Go leor de na nithe sin, tá lorg acu fós ar an Aontas Eorpach sa ré seo

Aimsigh scoileanna le dul i gcomhar leo, múinteoirí lenar féidir leat do thaithí a roinnt, seimineáir agus tuilleadh eolais a chuireann líonraí Eorpacha ar fáil.

Eolas maidir le malartuithe, scoláireachtaí, obair dheonach, cúrsaí oiliúna, poist, cuairteanna ar institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus go leor deiseanna eile do dhaoine óga.
Eolas
Más dalta bunscoile nó meánscoile thú, seo an áit a dtiocfaidh tú ar chluichí, comórtais agus leabhair ghníomhaíochta chun cabhrú leat eolas a chur ar an Aontas ar bhealach spraíúil, sa seomra ranga nó sa bhaile. Is féidir leat tuilleadh a fhoghlaim freisin faoi staidéar nó obair dheonach a dhéanamh i dtír eile.
An spás teagaisc agus líonraithe
Más múinteoir thú agus más mian leat cabhrú le do dhaltaí eolas a chur ar an Aontas Eorpach agus ar an mbealach a fheidhmíonn sé, is foinse ábhar teagaisc é seo do gach aoisghrúpa. Chomh maith le hinspioráid a fháil do phleananna ceachta, is féidir leat deiseanna líonraithe a aimsiú freisin le scoileanna agus múinteoirí eile ar fud an Aontais.
I ngach ceann de theangacha an Aontais
Tá Cúinne na Foghlama ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais. Is féidir an teanga is rogha leat a roghnú ach an roghnóir teanga ag barr an leathanaigh a úsáid.


















