- Aoisghrúpa
- 12 - 15 bliana
- 15 bliana nó níos sine
- Réimse
- Cineál an ábhair

Cabhraíonn an pacáiste oideachais saoránachta le múinteoirí, ollúna ollscoile agus gairmithe oideachais eile an bhreisluach a bhaineann le bheith ag obair i gcomhar agus tairbhí lánpháirtiú na hEorpa a mhíniú. Léirítear leis na cúig cheacht seo atá réidh le húsáid conas a oibríonn na tíortha ar leith le chéile i gComhairle an Aontais Eorpaigh agus sa Chomhairle Eorpach (ar fáil i ngach teanga oifigiúil den Aontas).
An teagasc agus an fhoghlaim sa mheán- agus san ardoideachas
Sna ceachtanna go léir tá modhanna teagaisc, lámhleabhair agus treoir chéim ar chéim maidir le conas iad a úsáid, naisc chuig na hábhair go léir, chomh maith le cluichí, físeáin agus cuid mhór spraoi. Is féidir leat na ceachtanna a íoslódáil ó na naisc seo a leanas, agus iad a chur i gcló de réir mar is gá:
- Ceacht faoi Uachtaránacht na Comhairle do gach leibhéal oideachais (12 – 25 bliana d’aois)
- Ceacht d’fhoghlaimeoirí praiticiúla san oideachas meánscoile (± 12 – 19 mbliana d’aois)
- Ceacht d’fhoghlaimeoirí praiticiúla san ardoideachas (± 17 – 25 bliana d’aois)
- Ceacht d’fhoghlaimeoirí teoiriciúla san oideachas meánscoile (± 12 – 19 mbliana d’aois)
- Ceacht d’fhoghlaimeoirí teoiriciúla san ardoideachas (± 17 – 25 bliana d’aois)
Ar an ábhar céanna

Faigh amach faoi ‘Tóraíocht Europa’, an uirlis oideachais nua atá bunaithe ar quiz chun feabhas a chur ar obair foirne agus ar chumarsáid agus nochtadh á fháil ag an am céanna ar institiúidí, stair, cinnteoireacht agus cultúr an Aontais, i measc rudaí eile. Tá sé le fáil i ngach teanga oifigiúil den Aontas agus tá sé foirfe chun an chomhfhoghlaim a chothú!

Tabhair geábh siar san am chun eolas a chur ar thréimhsí tábhachtacha sa stair, ar fhionnachtana, ar mhór-imeachtaí sa spórt agus sa tsochaí agus ar neart eile. Go leor de na nithe sin, tá lorg acu fós ar an Aontas Eorpach sa ré seo

- Highlighted
Léirítear san fhíseán seo na difríochtaí idir an dá institiúid sin agus mínítear inti na príomhróil atá acu.

Forbraíodh an uirlis oideachais Europe@school – Ceachtanna gníomhacha faoin Aontas Eorpach chun AE a thabhairt isteach sa seomra ranga.

- Highlighted
Is féidir le daltaí suíochán a ghlacadh i bParlaimint na hEorpa agus taithí a fháil ar an bpróiseas cinnteoireachta go díreach óna seomra ranga nó ón bpobal tríd an gcluiche seo ar líne!

Ar mhaith le do dhaltaí cuidiú chun difear a dhéanamh sa domhan? Leis na huirlisí ‘An difear a dhéanann Daonlathas an Aontais’, spreagtar daltaí chun ról gníomhach a ghlacadh i saincheisteanna Eorpacha trí cheithre cheacht idirghníomhacha maidir leis an daonlathas san Aontas agus leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.

Uirlis teagaisc faoin Aontas Eorpach chun cur leis an bhfeasacht i measc daltaí 10 mbliana d’aois agus os a chionn.

Scannán de chuid Chomhairle an Aontais Eorpaigh, arna léiriú i gcomhair Lá na hEorpa, 9 Bealtaine 2015. An leabhar Europe, a Leap into the Unknown le ...