- Aoisghrúpa
- 9 - 12 bhliain
- 12 - 15 bliana
- 15 bliana nó níos sine
- Réimse
- Cineál an ábhair
Uirlis oideachais atá bunaithe ar quiz is ea Tóraíocht Europa a ceapadh chun cabhrú le múinteoirí, ollúna ollscoile agus gairmithe oideachais eile teagasc faoin Aontas Eorpach agus, agus ag an am céanna, obair foirne agus cumarsáid a spreagadh i measc rannpháirtithe, rud a chothaíonn braistint na foghlama pobail agus comhroinnte. Tá ceisteanna agus freagraí mar chuid de faoi ábhair éagsúla a bhaineann leis an Aontas Eorpach, a institiúid, a stair, a chinnteoireacht, a chultúr agus tuilleadh nach iad (le fáil i dteangacha uile an Aontais).
Tagann sé mar lámhleabhar PDF le treoir céim ar chéim agus cur i láthair tacúil PowerPoint ina bhfuil na ceisteanna agus na freagraí, ar féidir iad a theilgean le linn na gníomhaíochta (roghnach), chomh maith le nótaí don mhodhnóir.
Tagann sé mar lámhleabhar PDF le treoir céim ar chéim agus cur i láthair tacúil PowerPoint ina bhfuil na ceisteanna agus na freagraí, ar féidir iad a theilgean le linn na gníomhaíochta (roghnach), chomh maith le nótaí don mhodhnóir.
Íoslódáil Tóraíocht Europa thíos:
lámhleabhar an mhodhnóra (PDF)
quiz idirghníomhach – tosaitheoirí do dhaltaí idir 9 mbliana d’aois agus 14 bliana d’aois (PowerPoint)
quiz idirghníomhach – ardleibhéal do dhaltaí atá 15 bliana d’aois agus níos sine (PowerPoint)
Ar an ábhar céanna
AE i sleamhnáin
Tabhair geábh siar san am chun eolas a chur ar thréimhsí tábhachtacha sa stair, ar fhionnachtana, ar mhór-imeachtaí sa spórt agus sa tsochaí agus ar neart eile. Go leor de na nithe sin, tá lorg acu fós ar an Aontas Eorpach sa ré seo
Tá an-dul chun cinn déanta san Eoraip maidir le cearta na mban ach tá an baol ann go gcuirfear ar gcúl é mar gheall ar phaindéim an choróinvíris. Amharc ar an bhfíseán chun léargas a fháil.
Cabhraigh le do dhaltaí níos mó a fhoghlaim faoi thíortha an Aontais Eorpaigh ag baint úsáide as an léarscáil spraoiúil, idirghníomhach seo. Tóg turas...
- Highlighted
Léirítear san fhíseán seo na difríochtaí idir an dá institiúid sin agus mínítear inti na príomhróil atá acu.
Forbraíodh an uirlis oideachais Europe@school – Ceachtanna gníomhacha faoin Aontas Eorpach chun AE a thabhairt isteach sa seomra ranga.
- Highlighted
Is féidir le daltaí suíochán a ghlacadh i bParlaimint na hEorpa agus taithí a fháil ar an bpróiseas cinnteoireachta go díreach óna seomra ranga nó ón bpobal tríd an gcluiche seo ar líne!
Cruthaíonn an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach deiseanna do dhaoine óga obair nó obair dheonach a dhéanamh le tionscadail ina dtíortha féin nó i dtíortha...