- Aoisghrúpa
- 15 bliana nó níos sine
- Réimse
- Cineál an ábhair

Cad a dhéanann Parlaimint na hEorpa agus conas a oibríonn sí? Cén ról atá ag Feisire Eorpach agus cén chaoi a n-oibríonn siad mar chuid de phróiseas cinnteoireachta níos leithne an Aontais? Cén chaoi a n-oibreoidh toghcháin Pharlaimint na hEorpa i mbliana agus conas is féidir leat páirt a ghlacadh iontu?
I sraith nua físeán ó Pharlaimint na hEorpa a mhaireann thart ar nóiméad amháin nó níos lú an ceann, mínítear an Pharlaimint agus córas daonlathach an Aontais, chomh maith le roinnt ábhar eile a bhaineann leis an Aontas roimh na toghcháin a bheidh ann i mí an Mheithimh. Faigh tuilleadh eolais inniu.
Ar an ábhar céanna

Faigh amach faoi ‘Tóraíocht Europa’, an uirlis oideachais nua atá bunaithe ar quiz chun feabhas a chur ar obair foirne agus ar chumarsáid agus nochtadh á fháil ag an am céanna ar institiúidí, stair, cinnteoireacht agus cultúr an Aontais, i measc rudaí eile. Tá sé le fáil i ngach teanga oifigiúil den Aontas agus tá sé foirfe chun an chomhfhoghlaim a chothú!

Tabhair geábh siar san am chun eolas a chur ar thréimhsí tábhachtacha sa stair, ar fhionnachtana, ar mhór-imeachtaí sa spórt agus sa tsochaí agus ar neart eile. Go leor de na nithe sin, tá lorg acu fós ar an Aontas Eorpach sa ré seo

- Highlighted
Léirítear san fhíseán seo na difríochtaí idir an dá institiúid sin agus mínítear inti na príomhróil atá acu.

Forbraíodh an uirlis oideachais Europe@school – Ceachtanna gníomhacha faoin Aontas Eorpach chun AE a thabhairt isteach sa seomra ranga.

- Highlighted
Is féidir le daltaí suíochán a ghlacadh i bParlaimint na hEorpa agus taithí a fháil ar an bpróiseas cinnteoireachta go díreach óna seomra ranga nó ón bpobal tríd an gcluiche seo ar líne!

Ar mhaith le do dhaltaí cuidiú chun difear a dhéanamh sa domhan? Leis na huirlisí ‘An difear a dhéanann Daonlathas an Aontais’, spreagtar daltaí chun ról gníomhach a ghlacadh i saincheisteanna Eorpacha trí cheithre cheacht idirghníomhacha maidir leis an daonlathas san Aontas agus leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.

Uirlis teagaisc faoin Aontas Eorpach chun cur leis an bhfeasacht i measc daltaí 10 mbliana d’aois agus os a chionn.

Scannán de chuid Chomhairle an Aontais Eorpaigh, arna léiriú i gcomhair Lá na hEorpa, 9 Bealtaine 2015. An leabhar Europe, a Leap into the Unknown le ...