- Aoisghrúpa
- 15 bliana nó níos sine
- Réimse
- Cineál an ábhair

Is é is aidhm don tsraith uirlisí oideachasúla seo treoir phraiticiúil a thabhairt d’oideoirí don taispeántas Art in Democracy. Is taispeántas fisiciúil sealadach é, ach tá an t-ábhar go léir le fáil i gcónaí ar líne. Tá cur chuige níos cineálaí ag baint leis an eolas a chuirtear ar fáil, le go mbeifear in ann é a chur in oiriúint do chomhthéacsanna oideachais ar an leibhéal idirnáisiúnta atá éagsúil sna tíortha éagsúla.
Tá an tsraith uirlisí roinnte ina ranna éagsúla, ina measc:
- eolas sonrach faoin gcaoi a mbaineann na seacht n-ábhar a roghnaíodh chomh maith le saothair ealaíne aonair an taispeántais le téama uileghabhálach an daonlathais le ‘cúinne na múinteoirí’ ina dtugtar roinnt smaointe praiticiúla ar shaothair na ndaltaí féin;
- smaointe maidir le húsáid na n-agallamh a thug roinnt de na healaíontóirí atá rannpháirteach sa taispeántas faoina gcuid saothar;
- plean ceachta nithiúil atá bunaithe ar mhodheolaíocht a leanann prionsabail dhaonlathacha agus ina dtugtar gníomhaíochtaí éagsúla is féidir a úsáid go héasca sa seomra ranga.
- liosta acmhainní breise chun tuilleadh eolais a fháil faoin Aontas Eorpach, faoi Thoghcháin Eorpacha 2024 chomh maith le naisc chuig samplaí gaolmhara i stair na healaíne.
Ar an ábhar céanna

Forbraíodh an tacar uirlisí seo do mhúinteoirí bunscoile agus foghlaimeoirí óga bunscoile (6-7 bhliana d’aois). Is aidhm leis tacú le múinteoirí plé a eagrú sa seomra ranga chun dul i ngleic ar bhealach éifeachtach le steiréitíopaí inscne, bunaithe ar an sampla ón earnáil iompair.

Faigh amach faoi ‘Tóraíocht Europa’, an uirlis oideachais nua atá bunaithe ar quiz chun feabhas a chur ar obair foirne agus ar chumarsáid agus nochtadh á fháil ag an am céanna ar institiúidí, stair, cinnteoireacht agus cultúr an Aontais, i measc rudaí eile. Tá sé le fáil i ngach teanga oifigiúil den Aontas agus tá sé foirfe chun an chomhfhoghlaim a chothú!

Tabhair geábh siar san am chun eolas a chur ar thréimhsí tábhachtacha sa stair, ar fhionnachtana, ar mhór-imeachtaí sa spórt agus sa tsochaí agus ar neart eile. Go leor de na nithe sin, tá lorg acu fós ar an Aontas Eorpach sa ré seo

Tá an-dul chun cinn déanta san Eoraip maidir le cearta na mban ach tá an baol ann go gcuirfear ar gcúl é mar gheall ar phaindéim an choróinvíris. Amharc ar an bhfíseán chun léargas a fháil.

- Highlighted
Léirítear san fhíseán seo na difríochtaí idir an dá institiúid sin agus mínítear inti na príomhróil atá acu.

Forbraíodh an uirlis oideachais Europe@school – Ceachtanna gníomhacha faoin Aontas Eorpach chun AE a thabhairt isteach sa seomra ranga.

- Highlighted
Is féidir le daltaí suíochán a ghlacadh i bParlaimint na hEorpa agus taithí a fháil ar an bpróiseas cinnteoireachta go díreach óna seomra ranga nó ón bpobal tríd an gcluiche seo ar líne!

Cruthaíonn an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach deiseanna do dhaoine óga obair nó obair dheonach a dhéanamh le tionscadail ina dtíortha féin nó i dtíortha...