- Aoisghrúpa
- Réimse
- Cineál an ábhair
An bhfuil fonn ort foghlaim faoi staitisticí agus sonraí a úsáid go muiníneach? An bhfuil tú ag lorg mínithe soiléire agus acmhainní eile atá oiriúnach don tosaitheoir? Má tá, áit mhaith chun tosú atá sa mhol foghlama Eorpach um staidreamh!
Cruinnithe le chéile sa mhol foghlama Eorpach um staidreamh tá acmhainní foghlama, ábhar idirghníomhach, agus uirlisí úsáideacha ar nós físeán agus gluaise, chun cabhrú leat tuiscint níos fearr a fháil ar staitisticí. Is féidir leat dul ag póirseáil trí staitisticí de réir ábhair, agus teacht ar ábhar léitheoireachta, ar léirshamhluithe sonraí, ar sheimineáir ghréasáin agus ar phodchraoltaí, iad ar fad tiomsaithe le chéile san aon áit amháin.
Ar a bharr sin, tiocfaidh tú ar an méid seo ann — rannóg a bhaineann go sonrach leis an gComórtas Staidrimh Eorpach, an t-eolas is déanaí ó nuachtlitir Eurostat faoin litearthacht staidrimh, agus acmhainní oideachais de chuid oifigí staidrimh náisiúnta ar fud na hEorpa.
Tá giuirléid aistriúcháin ann sa chaoi gur féidir teacht ar an eolas sin i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais.

On the same topic

Níl aon am le cur amú. Tá an t-athrú aeráide ag dul i bhfeidhm orainn go léir ar bhealach amháin nó ar bhealach eile cheana féin.

An mbeidh todhchaí shláintiúil agat? Roghnaigh d’abhatár agus ar aghaidh leat ar thuras trí lá tipiciúil chun a fháil amach.

Tá gealltanas tugtha ag an Aontas Eorpach 3 bhilliún crann breise a chur faoi 2030. Is cuid dá uaillmhian é chun an dúlra a thabhairt ar ais san Eoraip agus chun dul i ngleic leis an athrú aeráide — agus is féidir le gach duine páirt a ghlacadh ann!

Tá cathracha lán den bhithéagsúlacht agus tá sé tábhachtach go gcosnaímid í óir tá ár gcáilíocht saoil, an t-aer glan, an bia agus an t-uisce atá agai...

Forbraíodh na huirlisí mar chuid den fheachtas ‘Green Trip’ lena gcuirtear tionscadail agus stíleanna maireachtála inbhuanaithe chun cinn i measc Eorpaigh óga.

Cé hiad na ‘Geatóirí’ Digiteacha agus cén fáth ar gá don Choimisiún iad a rialáil?

Shínigh an tAontas Eorpach Comhaontú Pháras 2015 i dtaca leis an athrú aeráide, comhaontú ina bhfuil plean gníomhaíochta chun teocht an domhain a choi...

Ár leithscéal, ach níl an t-ábhar sin ar fáil i nGaeilge.Nach iontach agus nua-aimseartha an saol é saol na feirme! Insíonn an greannán seo scéal faoi...