- Aoisghrúpa
- 15 bliana nó níos sine
- Réimse
- Eolas faoin Aontas Eorpach
- Cineál an ábhair
- Sleamhnáin láithreoireachta
Tá ábhar amhairc ar an leathanach seo - cur i láthair ar shleamhnáin - ina léirítear gnéithe éagsúla den AE.
D'fhéadfadh na sleamhnáin seo a bheith áisiúil ag múinteoirí, ag daoine a labhraíonn faoi shaincheisteanna an AE, ag mic léinn agus ag aon duine ar spéis leis cur i láthair a thabhairt maidir leis an AE.
Tugtar mínithe soiléire iontu ar cad atá i gceist leis an Aontas Eorpach, cad a dhéanann sé agus conas a oibríonn sé.
Féadfaidh tú na sleamhnáin a úsáid in aisce gan aon táillí ná srianta cóipchirt, agus iad a mhionathrú as do stuaim féin.
Ar an ábhar céanna
Amlíne an Aontais Eorpaigh
Tabhair geábh siar san am chun eolas a chur ar thréimhsí tábhachtacha sa stair, ar fhionnachtana, ar mhór-imeachtaí sa spórt agus sa tsochaí agus ar neart eile. Go leor de na nithe sin, tá lorg acu fós ar an Aontas Eorpach sa ré seo
An AE: Cad atá i gceist leis?
Cabhraigh le do dhaltaí níos mó a fhoghlaim faoi thíortha an Aontais Eorpaigh ag baint úsáide as an léarscáil spraoiúil, idirghníomhach seo. Tóg turas...
An Clár um Scoileanna Ambasadóra
Forbraíodh an uirlis oideachais Europe@school – Ceachtanna gníomhacha faoin Aontas Eorpach chun AE a thabhairt isteach sa seomra ranga.
- Highlighted
An cluiche rólimeartha fíorúil ó Pharlaimint na hEorpa
Is féidir le daltaí suíochán a ghlacadh i bParlaimint na hEorpa agus taithí a fháil ar an bpróiseas cinnteoireachta go díreach óna seomra ranga nó ón bpobal tríd an gcluiche seo ar líne!
An difear a dhéanann Daonlathas an Aontais - Cuir do thuairim in iúl leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh
Ar mhaith le do dhaltaí cuidiú chun difear a dhéanamh sa domhan? Leis na huirlisí ‘An difear a dhéanann Daonlathas an Aontais’, spreagtar daltaí chun ról gníomhach a ghlacadh i saincheisteanna Eorpacha trí cheithre cheacht idirghníomhacha maidir leis an daonlathas san Aontas agus leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.
An Eoraip níos fearr le chéile!
Uirlis teagaisc faoin Aontas Eorpach chun cur leis an bhfeasacht i measc daltaí 10 mbliana d’aois agus os a chionn.
An Eoraip ó ghlúin go glúin
Scannán de chuid Chomhairle an Aontais Eorpaigh, arna léiriú i gcomhair Lá na hEorpa, 9 Bealtaine 2015. An leabhar Europe, a Leap into the Unknown le ...
An imirce agus tearmann san Eoraip - foilseachán idirghníomhach
Bíonn ábhair maidir leis an imirce agus tearmann i gcónaí i mbéal an phobail, agus tá sé ríthábhachtach go mbeidh staitisticí agus eolas iontaofa ann ina leith. Is é an foilseachán idirghníomhach An imirce agus tearmann san Eoraip an fhoinse is fearr atá ann maidir leis na hábhair sin. Freagraítear ceisteanna ann faoin imirce san Aontas agus go leor eile.