
Cad a tharlaíonn nuair a scartar páistí óna dteaghlaigh i ngeall ar chogadh? Leanann an clár faisnéise ‘After the Rain’, a bhfuil duaiseanna buaite aige, páistí Úcránacha a athaontaítear lena muintir tar éis a bheith aistrithe le lámh láidir chun na Rúise.
Tá an clár suite in áit chúlráideach fhoraoiseach shuaimhneach in aice Mhuir Bhailt, agus léiríonn sé an dóigh a gcuidíonn teiripe ainmhithe, comhairleoireacht agus am a chaitheamh i mbun an dúlra le teaghlaigh teacht chucu féin ó thráma.
Is í Sarah McCarthy a stiúir an clár ina leagtar béim ar thionchar daonna chogadh na Rúise ar an Úcráin agus ar na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh chun páistí a díbríodh a thabhairt abhaile.
Beidh an scannán ar fáil ar ardán closamhairc an Choimisiúin Eorpaigh go dtí an 10 Meitheamh, agus fotheidil leis i mBéarla, Spáinnis, Portaingéilis, Fraincis agus Araibis.
Moltar an clár faisnéise do dhaoine atá 16+ bliana d’aois i ngeall go bhfuil téamaí aibí ann, agus d’fhéadfadh sé a bheith oiriúnach don seomra ranga agus plé treoraithe ag gabháil leis.
Cliceáil anseo chun amharc air.
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 19 Bealtaine 2026 (An uair dheiridh a nuashonraíodh: 19 Bealtaine 2026)
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide





