Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
Learning corner

‘Bee’ ag cosaint na mbeach! Ár bpailneoirí a chosaint

  • Alt nuachta
  • 20 Bealtaine 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 1 nóiméad

Is deis é Lá Domhanda na mBeach, rud a cheiliúrtar gach bliain an 20 Bealtaine, chun a fháil amach cén fáth a bhfuil na beacha ar na créatúir is tábhachtaí ar ár bpláinéad. Cuidíonn na beacha agus pailneoirí eile le plandaí fás trí phailin a iompar ó bhláth go bláth. Gan iad, bheadh sé i bhfad ní ba dheacra cuid mhaith de na bianna is breá linn a tháirgeadh, amhail úlla, sútha talún, trátaí agus almóinní.

Ach tá an t-athrú aeráide, truailliú, lotnaidicídí agus caillteanas gnáthóg nádúrtha ag bagairt ar na beacha. Tá tábhacht ag baint lena gcosaint don dúlra, don tslándáil bia agus don bhithéagsúlacht ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain.

Is féidir le gach duine cuidiú leis na beacha, fiú ar bhealaí beaga. Is féidir difríocht a dhéanamh trí bhláthanna a chur, ceimiceáin dhíobhálacha a sheachaint, agus ligean do na bláthanna fiáine fás. 

Tá daoine óga ar fud na hEorpa ag cuidiú cheana féin chun pailneoirí a chosaint, trí smaointe a chomhroinnt trí Thionól na Saoránach Óg maidir le Pailneoirí agus tionscadail áitiúla a stiúradh a fhaigheann tacaíocht ón gCiste Eorpach um Ghníomhaíocht Óige maidir le Pailneoirí agus ón gclár ‘Save Our Species’ [‘Sábháiltear ár speicis’] de chuid an Aontais Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra. 

Ar Lá Domhanda na mBeach i mbliana, glac nóiméad chun meas a léiriú do na feithidí bídeacha a bhfuil ról ollmhór acu maidir lenár bpláinéad a choinneáil sláintiúil agus ildaite.

Féach leat tuilleadh acmhainní anseo:

 

Imir an cluiche cártaí: 

Challenge your friends and family and get to know more about the different types of pollinators, their importance for humanity and their risk of extinction.

 

 

Sonraí

Dáta foilsithe
20 Bealtaine 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Type of content
  • News