
Is é an 5 Deireadh Fómhair Lá Domhanda na Múinteoirí, lá chun ceiliúradh a dhéanamh ar na daoine a spreagann an t-aos óg agus a chuireann oideachas ar na glúnta atá le teacht – daoine cosúil leatsa! Ní hamháin go dteagascann múinteoirí curaclam, ach ullmhaíonn siad na daltaí le haghaidh réimse leathan taithí lasmuigh den seomra ranga agus cuireann siad treoir agus tacaíocht ar fáil dóibh. Ní hionann aon dá lá!
Mar sin, inniu gabhaimid buíochas mór leat 💐 as do chruthaitheacht, as do chuid foighne, agus as an obair chrua a dhéanann tú! Is mór an pléisiúr agus an phribhléid dúinn i gCúinne na Foghlama a bheith ag obair i do theannta!
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 24 Meán Fómhair 2025
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide





