Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
Learning corner

Plean gníomhaíochta seolta ag an gCoimisiún chun daoine óga a chosaint ar an gcibearbhulaíocht

  • Alt nuachta
  • 12 Feabhra 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 1 nóiméad
adobe stock momius

Is saincheist phráinneach sábháilteachta ar líne í an chibearbhulaíocht a dhéanann difear do dhaoine óga ar fud na hEorpa. Tarlaíonn sí ar na meáin shóisialta, ar aipeanna teachtaireachtaí agus ar ardáin chluichíochta, imríonn sí tionchar ar dhuine as gach seisear déagóirí, agus admhaíonn duine as gach ochtar go bhfuil páirt glactha aige inti. Ag aithint dó a thromchúisí atá an chibearbhulaíocht, tá plean gníomhaíochta curtha le chéile ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne na cibearbhulaíochta chun na huirlisí agus an t-eolas is gá a thabhairt do leanaí, do thuismitheoirí, do chúramóirí agus d’oideoirí chun an cineál sin bulaíochta a thuairisciú agus a chomhrac. Is é is aidhm don tionscnamh seo, atá mar chuid de threoirlínte 2024-2029 ón Uachtarán von der Leyen, timpeallacht dhigiteach níos sábháilte a chruthú do dhaoine óga.

 

 

Sonraí

Dáta foilsithe
12 Feabhra 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Type of content
  • News