
Bogaimis linn! An 23-30 Meán Fómhair, le Seachtain Eorpach an Spóirt 2026 spreagtar daoine idir óg agus aosta, ó gach cúlra agus ar gach leibhéal cumais le bheith gníomhach agus eolas a chur ar na buntáistí a bhaineann le stíl mhaireachtála ghníomhach.
Faoin téama #BeActive, beidh gníomhaíochtaí ar siúl ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin, mar shampla i scoileanna, in ionaid oibre, i bpáirceanna, i gclubanna spóirt agus i spásanna poiblí. Cé acu is maith leat spóirt foirne nó damhsa, a bheith ag spaisteoireacht nó a bheith gníomhach amuigh faoin aer, tá rud éigin ann do gach duine, is cuma cén leibhéal aclaíochta nó cén taithí atá agat.
Aimsigh imeachtaí atá ar siúl i do thír féin trí úsáid a bhaint as liostaí na n-imeachtaí, agus glac páirt go háitiúil, go réigiúnach, go náisiúnta nó thar theorainneacha.
Agus ná caill Lá Spóirt Scoileanna na hEorpa an Aoine bheag, nuair a dhéanfaidh scoileanna ar fud na hEorpa ceiliúradh ar aoibhneas na haclaíochta le chéile!
- Dáta foilsithe
- 22 Meán Fómhair 2026
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
- Type of content
- News





