Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner
Fógra nuachta8 Nollaig 2020

COVID-19. I dtreo vacsaíní sábháilte, inacmhainne agus inrochtana do chách

""
© European Union

Vacsaíní sábháilte éifeachtacha, sin iad an deis is fearr atá againn chun filleadh ar ár ngnáthshaol tar éis phaindéim an choróinvíris. Chun cabhrú linn an sprioc sin a bhaint amach, tá conarthaí sínithe ag an gCoimisiún Eorpach le cuideachtaí cógaisíochta. Faoi na conarthaí sin beidh rochtain ag saoránaigh an Aontais ar dháileoga vacsaíní a luaithe a bheidh sé cruthaithe go bhfuil siad sábháilte éifeachtach. Tá tábhacht ag baint le vacsaíní atá sábháilte éifeachtach, ach is tábhachtaí arís an vacsaíniú féin. Dá bhrí sin tá an Coimisiún ag ullmhú dó sin freisin trí threoir a thabhairt do na Ballstáit atá ag pleanáil a bhfeachtas vacsaínithe. Trí bheith ag obair le chéile ar leibhéal an Aontais, is féidir leis na Ballstáit gach saoránach den Aontas a chosaint, go háirithe na daoine is leochailí, gan beann ar an áit a bhfuil cónaí orthu.

Tuilleadh eolais faoi straitéis an Aontais um vacsaíní
Tuilleadh eolais faoi na vacsaíní in aghaidh an choróinvíris

Sonraí

Dáta foilsithe
8 Nollaig 2020