
An bhfuil smaoineamh iontach agat don Eoraip? Cuir isteach ar Dhuais Charlemagne don Óige!
A Eorpaigh óga! Ar chuala tú trácht riamh ar Dhuais Charlemagne don Óige? Leis an duais seo ó Pharlaimint na hEorpa, tugtar aitheantas do dhaoine óga 16-30 bliain d’aois a bhfuil smaointe nuálacha acu chun an daonlathas a neartú agus chun tacú le rannpháirtíocht ghníomhach. Cibé is mian leat féile chultúrtha a eagrú, feachtas ar líne a sheoladh, tionscadal malartaithe scoile a chruthú nó aip a fhorbairt chun obair dheonach a chur chun cinn, cuirtear fáilte roimh gach smaoineamh!
Cén fáth arbh fhiú duit do smaoineamh a chur isteach?
- Bí i do thionchaire Eorpach: D’fhéadfadh do smaoineamh a bheith ina shampla do na milliúin daoine óga ar fud na hEorpa agus aitheantas Eorpach a fháil!
- Maoiniú: Faigheann na tionscadail bhuaiteacha maoiniú lena gcur i gcrích.
- Eispéireas uathúil: Tugann an duais ardán duit chun do thionscadal a chur ar taispeáint agus lucht tacaíochta nua a aimsiú. Beidh deis agat bualadh le daoine óga paiseanta eile agus líonra teagmhálacha a thógáil.
- Túsphointe: D’fhéadfadh sé seo a bheith ina thús le heachtra iontach! Cad is féidir leat a dhéanamh? Má tá smaoineamh agat i dtaca le tionscadal a chuireann saoránacht ghníomhach, comhthuiscint idir daoine nó an daonlathas chun cinn, is féidir leat cur isteach ar an gcomórtas.
Cén chaoi a nglacfaidh mé páirt ann? Is féidir iarratas a dhéanamh anois go dtí an 30 Eanáir. Ná bíodh eagla ort do lorg féin a chur ar do shaothar agus smaoineamh a chur i láthair atá gar do do chroí! Ná caill an deis uathúil seo chun do lorg a fhágáil ar an Eoraip!
Ar chuala tú trácht riamh ar Dhuais Charlemagne don Óige? Leis an duais seo ó Pharlaimint na hEorpa, tugtar aitheantas do dhaoine óga 16-30 bliain d’aois a bhfuil smaointe nuálacha acu chun Eoraip níos fearr a bhaint amach. Cibé is mian leat féile chultúrtha a eagrú, feachtas ar líne a sheoladh, tionscadal malartaithe scoile a chruthú nó aip a fhorbairt lena chur chun cinn
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 13 Eanáir 2025
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide