Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
Learning corner
  • Fógra nuachta
  • 3 Nollaig 2024
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 1 nóiméad

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach — an deis atá agat difear a dhéanamh

An bhfuil tú ag iarraidh do chion a dhéanamh don phobal Eorpach agus níos faide i gcéin? Cláraigh don Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach!

Is é an Coimisiún Eorpach a bhainistíonn an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, atá ar oscailt d’aon duine idir 18 agus 30 bliain d’aois agus a chuireann maoiniú agus tacaíocht ar fáil do dhaoine chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí saorálaíochta trasteorann, i dtionscadail dlúthpháirtíochta agus in obair dheonach i réimse na cabhrach daonnúla i dtríú tíortha. Maireann na tionscadail idir 2 mhí agus 12 mhí, agus is féidir leat páirt a ghlacadh iontu mar dhuine aonair, nó mar chuid de ghrúpa. Má tá suim agat tacú le gníomhaíocht phobail agus athrú dearfach a dhéanamh agus do scileanna á bhforbairt agat agus taithí á fáil agat, tapaigh leat an deis seo.

 

Tá an glao nua ar thograí ón gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach ar oscailt anois. Ná caill an deis páirt a ghlacadh ann agus iarratas a dhéanamh! Beidh spriocdhátaí an ghlao seo ann idir an 11 Feabhra agus an 1 Deireadh Fómhair 2025, ag brath ar an gcineál gníomhaíochta atá i gceist.

 

Sonraí

Dáta foilsithe
3 Nollaig 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide